Listening and speaking A: Recipe

Feidhm teanga:
- dul i gcion ar dhuine nó ar dhaoine eile (iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh)

Tá oideas Éamoinn á leanúint ag Síofra!

Sailéad Torthaí

Síofra:Cad iad na rudaí a bheidh uaim chun an sailéad torthaí seo a dhéanamh?
Éamonn:Beidh banana, oráiste, sú anainn, iógart agus mil ag teastáil uait.
Síofra:Tá na rudaí sin ar fad agam. Cad a dhéanfaidh mé ar dtús?
Éamonn:Bain an craiceann den oráiste agus den bhanana ar dtús.
Síofra:Baineann sí an craiceann de na torthaí.
Cad a dhéanfaidh mé anois?
Éamonn:Gearr suas na torthaí i bpíosaí beaga le scian. Bí cúramach leis an scian.
Síofra:Mar sin?
Éamonn:Go díreach. Ansin cuir na torthaí go léir isteach i mbabhla agus measc an sú anainn leis na torthaí. Doirt cúpla spúnóg iógairt anuas ar na torthaí ansin.
Síofra:Cad a dhéanfaidh mé leis an mil?
Éamonn:Cuir spúnóg meala anuas ar an iógart chun é a dhéanamh níos milse agus tá sé réidh le hithe ansin. Bain sult as!
Síofra:Mmmm, tá sé seo an‑bhlasta. Is breá liom sailéad torthaí.
Listening and speaking A: Recipe