Is aimsir de chuid an bhriathair an aimsir chaite a úsáidtear chun gníomhaíochtaí nó staideanna a chur in iúl a bhaineann leis an am atá caite:
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU5_01.mp3 Bhí mé sa Spáinn ar feadh coicíse anuraidh.
Sa chéad phearsa uimhir iolra den aimsir chaite, tá rogha agat idir dhá fhoirm éagsúla. Seo cúpla sampla:
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU5_03.mp3 Chuaigh muid … nó Chuamar …
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU5_04.mp3 Rinne muid … nó Rinneamar …
GaeilgeGanStro/Aonad05/EU5_05.mp3 Cheannaigh muid … nó Cheannaíomar …