- dul i gcion ar dhuine nó ar dhaoine eile (iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh)
- influencing another person or other people (asking someone to do something)
Tá oideas Éamoinn á leanúint ag Síofra!
Síofra is following Éamonn’s recipe!
Sailéad Torthaí
Fruit Salad
Síofra:
Cad iad na rudaí a bheidh uaim chun an sailéad torthaí seo a dhéanamh?
What will I need to make this fruit salad?
Éamonn:
Beidh banana, oráiste, sú anainn, iógart agus mil ag teastáil uait.
You’ll need a banana, an orange, pineapple juice, yoghurt and honey.
Síofra:
Tá na rudaí sin ar fad agam. Cad a dhéanfaidh mé ar dtús?
I have all those things. What will I do first?
Éamonn:
Bain an craiceann den oráiste agus den bhanana ar dtús.
Peel the orange and the banana first.
Síofra:
Baineann sí an craiceann de na torthaí.
She peels the fruit.
Cad a dhéanfaidh mé anois?
What will I do now?
Éamonn:
Gearr suas na torthaí i bpíosaí beaga le scian. Bí cúramach leis an scian.
Chop the fruit into little pieces with a knife. Be careful with the knife.
Síofra:
Mar sin?
Like that?
Éamonn:
Go díreach. Ansin cuir na torthaí go léir isteach i mbabhla agus measc an sú anainn leis na torthaí. Doirt cúpla spúnóg iógairt anuas ar na torthaí ansin.
Exactly. Then put all the fruit into a bowl and mix the pineapple juice with the fruit. Pour a few spoons of yoghurt on top of the fruit then.
Síofra:
Cad a dhéanfaidh mé leis an mil?
What will I do with the honey?
Éamonn:
Cuir spúnóg meala anuas ar an iógart chun é a dhéanamh níos milse agus tá sé réidh le hithe ansin. Bain sult as!
Put a spoon of honey on top of the yoghurt to make it sweeter and it’s ready to eat. Enjoy it!
Síofra:
Mmmm, tá sé seo an-bhlasta. Is breá liom sailéad torthaí.