Seo seans duitse a bheith ag caint anois. Lig ort féin gur tusa Éamonn agus go bhfuil tú ag caint le Síofra.
This is your chance to talk now. Pretend you’re Éamonn and that you’re talking to Síofra.
Síofra: | Cad iad na rudaí a bheidh uaim chun an sailéad torthaí seo a dhéanamh? What will I need to make this fruit salad? |
|
Abair: | You’ll need a banana, an orange, pineapple juice, yoghurt and honey. Beidh banana, oráiste, sú anainn, iógart agus mil ag teastáil uait. |
|
Síofra: | Tá na rudaí sin ar fad agam. Cad a dhéanfaidh me ar dtús? I have all those things. What will I do first? |
|
Abair: | Peel the orange and the banana first. Bain an craiceann den oráiste agus den bhanana ar dtús. |
|
Síofra: | Baineann sí an craiceann de na torthaí. She peels the fruit. |
| Cad a dhéanfaidh mé anois? What will I do now? |
|
Abair: | Chop the fruit into little pieces with a knife. Be careful with the knife. Gearr suas na torthaí i bpíosaí beaga le scian. Bí cúramach leis an scian. |
|
Síofra: | Mar sin? Like that? |
|
Abair: | Exactly. Then put all the fruit into a bowl and mix the pineapple juice with the fruit. Pour a few spoons of yoghurt on top of the fruit then. Go díreach. Ansin cuir na torthaí go léir isteach i mbabhla agus measc an sú anainn leis na torthaí. Doirt cúpla spúnóg iógairt anuas ar na torthaí ansin. |
|
Síofra: | Cad a dhéanfaidh mé leis an mil? What will I do with the honey? |
|
Abair: | Put a spoon of honey on top of the yoghurt to make it sweeter and it’s ready to eat. Enjoy it! Cuir spúnóg meala anuas ar an iógart chun é a dhéanamh níos milse agus tá sé réidh le hithe ansin. Bain sult as! |
|
Síofra: | Mmmm, tá sé seo an-bhlasta. Is breá liom sailéad torthaí. Mmmm, this is very tasty. I love fruit salad. |
|