Cad a dhéanfaidh mé ar dtús?
Bain an craiceann den oráiste.
Gearr suas na torthaí.
Measc na torthaí leis an iógart.
Bí cúramach leis an scian.
Cad a bheidh agat?
Beidh mealbhacán agam don chéad chúrsa.
Beidh an sicín agam don phríomhchúrsa.
Ba mhaith liom anraith le do thoil.
Ar mhaith leat milseog?
Ba mhaith. / Níor mhaith.
An mbeidh deoch agat leis sin?
Beidh. / Ní bheidh.
Tá sé seo an-bhlasta.
Tá an cáca níos milse ná an phióg.
Tá an stéig níos blasta ná an t-iasc.
An itheann tú feoil?
Ithim. / Ní ithim.
An ólann tú bainne?
Ólaim. / Ní ólaim.
An dtógann tú siúcra?
Tógaim. / Ní thógaim.
An maith leat pónairí?
Is maith. / Ní maith.
Is maith liom iasc.
Ní maith liom feoil.
Is breá liom cáis.
Is fuath liom piseanna.