Agallamh B 
Interview B
Déanann Eoin cur síos ar an tsaoire dheireanach a bhí aige.
 Eoin describes his last holiday.
| Agallóir: | Cá ndeachaigh tú ar do laethanta saoire i mbliana? Where did you go on your holidays this year? | 
| Eoin: | Chuaigh mé féin agus mo chailín go dtí an Iodáil. Chaitheamar cúpla lá sa Róimh agus cúpla lá i bhFlórans. Myself and my girlfriend went to Italy. We spent a couple of days in Rome and a couple of days in Florence. | 
| Agallóir: | Cén t-am den bhliain a bhí sibh ansin? What time of the year were you there? | 
| Eoin: | Bhíomar ann i mí Iúil. Bhí sé i bhfad róthe, ar an drochuair. Bhí sé deacair mórán siúil a dhéanamh i rith an lae. We were there in July. It was much too hot, unfortunately. It was difficult to do much walking during the day. | 
| Agallóir: | An raibh an bia go deas? Was the food nice? | 
| Eoin: | Bhí - bhí sé go hálainn agus an-saor go deo. Is breá liom bia Iodálach. Yes - it was lovely and very cheap. I love Italian food. | 
| Agallóir: | Agus ar thaitin na hIodálaigh leat? And did you like the Italians? | 
| Eoin: | Thaitin siad go mór liom. Bhí siad an-chairdiúil ar fad. I really liked them. They were very friendly indeed. |