Useful sentences: Holidays and travel

Éist leis na frásaí úsáideacha seo agus déan iarracht iad a rá tú féin ansin.

Chaith mé cúpla seachtain ag taisteal san Afraic.

Chuir mé na heitiltí in áirithe ar an idirlíon.

Fuaireamar árasán ar cíos.

D’fhanamar i dteach lóistín.

D’fhanamar i láithreán campála.

Seasca euro san oíche a bhí ar sheomra dúbailte, bricfeasta san áireamh.

Thugamar cuairt ar sheanchaisleán agus ar chúpla iarsmalann.

Chaitheamar seachtain ag sciáil.

Fuair muid gluaisrothar ar cíos.

Thóg muid an bád farantóireachta ón Aithin go Santorini.

Bhí na tacsaithe an-daor ar fad.

Bhí sé tirim an chuid is mó den am.

Bhí sé ag stealladh báistí an t-am ar fad.

Bhí an aimsir an-fhuar.

Bhí sé rófhuar.

Bhí an aimsir an-te.

Bhí sé róthe.

Useful sentences: Holidays and travel