| A Pat, a chara, 
 Is é an briathar bí an t-aon bhriathar sa Ghaeilge a bhfuil leaganacha difriúla aige san aimsir láithreach agus san aimsir ghnáthláithreach. Seo thíos foirmeacha an bhriathair bí san aimsir láithreach agus san aimsir ghnáthláithreach: 
An aimsir láithreach (The present tense)
| Dearfach | Diúltach |  | tá mé | níl mé |  | tá tú | níl tú |  | tá sé | níl sé |  | tá sí | níl sí |  | táimid | nílimid |  | tá sibh | níl sibh |  | tá siad | níl siad |  An aimsir ghnáthláithreach (The present continuous tense)
| Dearfach | Diúltach |  | bím | ní bhím |  | bíonn tú | ní bhíonn tú |  | bíonn sé | ní bhíonn sé |  | bíonn sí | ní bhíonn sí |  | bímid | ní bhímid |  | bíonn sibh | ní bhíonn sibh |  | bíonn siad | ní bhíonn siad |  
 Baintear úsáid as an aimsir láithreach chun labhairt faoi rud atá fíor anois nó rud atá fíor i gcónaí: 
Tá mé ag obair mar fhreastalaí i mbialann.
Tá triúr deartháireacha agam.
 
 Úsáidtear an aimsir ghnáthláithreach chun labhairt faoi rudaí a tharlaíonn go rialta: 
Bím sa bhaile gach tráthnóna timpeall a sé a chlog. 
 Maidir leis na samplaí a luaigh tú, is é an aimsir láithreach den bhriathar bí – tá – atá in úsáid sna habairtí sin: 
Tá mé ag obair i monarcha.
Tá lá deas ann inniu.
 Tá difear caolchúiseach (subtle) idir  ‘Tá mé ag obair i monarcha’ (I’m working in a factory) agus ‘Oibrím i monarcha’ (I work in a factory). Ní fhéadfá ‘Bíonn an lá deas inniu’ a rá mar ní úsáidtear an aimsir ghnáthláithreach ach chun labhairt faoi rudaí a tharlaíonn go rialta. Tá súil agam go bhfuil sé sin soiléir. 
 Ádh mór,
Helen
 |