A Pat, a chara,
Is é an briathar bí an t-aon bhriathar sa Ghaeilge a bhfuil leaganacha difriúla aige san aimsir láithreach agus san aimsir ghnáthláithreach. Seo thíos foirmeacha an bhriathair bí san aimsir láithreach agus san aimsir ghnáthláithreach:
An aimsir láithreach (The present tense)
| Dearfach | Diúltach |
| tá mé | níl mé |
| tá tú | níl tú |
| tá sé | níl sé |
| tá sí | níl sí |
| táimid | nílimid |
| tá sibh | níl sibh |
| tá siad | níl siad |
An aimsir ghnáthláithreach (The present continuous tense)
| Dearfach | Diúltach |
| bím | ní bhím |
| bíonn tú | ní bhíonn tú |
| bíonn sé | ní bhíonn sé |
| bíonn sí | ní bhíonn sí |
| bímid | ní bhímid |
| bíonn sibh | ní bhíonn sibh |
| bíonn siad | ní bhíonn siad |
Baintear úsáid as an aimsir láithreach chun labhairt faoi rud atá fíor anois nó rud atá fíor i gcónaí:
Tá mé ag obair mar fhreastalaí i mbialann.
Tá triúr deartháireacha agam.
Úsáidtear an aimsir ghnáthláithreach chun labhairt faoi rudaí a tharlaíonn go rialta:
Bím sa bhaile gach tráthnóna timpeall a sé a chlog.
Maidir leis na samplaí a luaigh tú, is é an aimsir láithreach den bhriathar bí – tá – atá in úsáid sna habairtí sin:
Tá mé ag obair i monarcha.
Tá lá deas ann inniu.
Tá difear caolchúiseach (subtle) idir ‘Tá mé ag obair i monarcha’ (I’m working in a factory) agus ‘Oibrím i monarcha’ (I work in a factory).
Ní fhéadfá ‘Bíonn an lá deas inniu’ a rá mar ní úsáidtear an aimsir ghnáthláithreach ach chun labhairt faoi rudaí a tharlaíonn go rialta.
Tá súil agam go bhfuil sé sin soiléir.
Ádh mór,
Helen
|