Físchúrsa Gramadaí do Mhúinteoirí Bunscoile

Tá an cúrsa samhraidh seo ar líne, ar fiú 3 lá EPV é, dírithe ar mhúinteoirí bunscoile ar mian leo a dtuiscint ar ghramadach na Gaeilge a fheabhsú chomh maith le slite nua a fhoghlaim chun an ghramadach a mhúineadh go héifeachtach. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt ná ag scríobh na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga. Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

€69.00
Cláraigh

Réamhrá

Ábhar an chúrsa

Ábhar na n-aonad
Fuaimeanna lárnacha
Na fuaimeanna lárnacha ar cheart do na foghlaimeoirí díriú orthu san aonad áirithe sin.
Eolas úsáideach
An ghramadach a bhaineann leis an topaic atá i gceist san aonad. Cuirtear an ghramadach ar fáil i gcomhthéacs agus i bpíosaí beaga, agus seachnaítear téarmaíocht chasta.
Comhráite
Ceithre chomhrá agus aistriúchán Béarla de na comhráite sin. Tá an teanga atá le fáil sna comhráite seo nádúrtha agus dúchasach.
Stór focal lárnach agus frásaí úsáideacha
Stór focal lárnach agus frásaí úsáideacha a bhaineann le téama an aonaid.
Cleachtaí
Réimse leathan de chleachtaí spraíúla atá bunaithe ar an stór focal agus ar an ngramadach atá le fáil san aonad. Tá na cleachtaí scríofa idirghníomhach. Nuair a bhíonn ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bhí ceart agat agus cad iad na freagraí a bhí mícheart agat, cuirtear na freagraí cearta ar fáil duit agus tugtar scór duit. Tá comhaid fuaime leis na cleachtaí béil.
Léargas
Is í an aidhm atá ag na sleachta seo ná eolas a thabhairt d’fhoghlaimeoirí faoi stair na Gaeilge agus tuiscint níos fearr a thabhairt dóibh mar gheall ar an nGaeilge sa domhan comhaimseartha.
Leideanna áisiúla d’fhoghlaimeoirí
Leideanna áisiúla d’fhoghlaimeoirí faoi bhealaí éifeachtúla foghlama.
Cainteoirí Gaeilge
Tá réimse cainteoirí Gaeilge le feiceáil sna físeáin atá le fáil sa rannóg seo. Rinneadh an scannánú ar an láthair i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.

Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom clárú don chúrsa?

Anois díreach!

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Am ar bith ó thús mhí Iúil ar aghaidh. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 1 Iúil 2024 agus 16 Lúnasa 2024 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh.

Faoi 16 Lúnasa 2024. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 1 Iúil 2024 agus 16 Lúnasa 2024 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.

Cén obair a bheidh le déanamh agam i ngach modúl?

Beidh ort ábhar an mhodúil a léamh agus tabhairt faoi na cleachtaí idirghníomhacha go léir. Nuair a bheidh an méid sin déanta agat, beidh ort an cheist idirghníomhach ag deireadh an mhodúil a fhreagairt ar fhóram an chúrsa. Is gá ar a laghad trácht amháin a dhéanamh in aghaidh an mhodúil ar an bhfóram nach freagra é ar cheist idirghníomhach. Ag deireadh an chúrsa ar fad, ní mór duit an cheist athmhachnamhach a fhreagairt. Arís, beidh ort do fhreagra a chur ar an bhfóram.

Cé mhéad uair an chloig is gá dom a chaitheamh ag déanamh obair an chúrsa seo?

Timpeall 20 uair an chloig.

An i nGaeilge nó i mBéarla atá ábhar an chúrsa scríofa?

Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

An mbeidh orm an cheist idirghníomhach ag deireadh gach modúil a fhreagairt as Gaeilge?

Ní bheidh. Molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, ach tá cead agat Béarla a úsáid más gá.

An féidir liom tabhairt faoin gcúrsa ar mo ghuthán cliste nó ar mo ríomhaire táibléid, e.g. iPad?

Is féidir an chuid is mó de ranganna.com a úsáid ar ghuthán cliste nó ar ríomhaire táibléid ach ní oibríonn ábhar ilmheán an tsuímh ar gach cineál gléis. B’fhearr duit, dá bhrí sin, triail a bhaint as aonad samplach den chúrsa a bhfuil sé i gceist agat tabhairt faoi ar an ngléas, sula gcuireann tú an cúrsa sin in áirithe.

Cad a dhéanfaidh mé má bhíonn ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í nó scríobh chuig éascaitheoir an chúrsa.

An féidir liom níos mó ná cúrsa amháin a dhéanamh?

Is féidir, cinnte! De réir rialacha na Roinne Oideachais maidir le cúrsaí ar líne, tabharfar trí lá EPV do rannpháirtithe a chríochnóidh cúrsa amháin ar líne, ceithre lá EPV dóibhsean a chríochnóidh dhá chúrsa ar líne agus cúig lá EPV dóibh siúd a chríochnóidh trí chúrsa ar líne.

Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil an cúrsa críochnaithe agam?

Beidh an cúrsa críochnaithe agat nuair a bheidh:

  • timpeall 20 uair an chloig caite agat ag obair ar ábhar an chúrsa
  • freagraí tugtha agat ar na cúig cheist idirghníomhacha agus ar an gceist athmhachnamhach
  • trácht amháin déanta agat in aghaidh an mhodúil ar an bhfóram nach freagra é ar cheist idirghníomhach.
  • éascaitheoir an chúrsa sásta go bhfuil caighdeán ard go leor ag baint le do chuid oibre.
  • Gheobhaidh tú do theastas agus taifead ar d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach taobh istigh de choicís ón am a chríochnóidh tú an cúrsa. Tógann sé tamaillín na freagraí a thiomsú, agus an teastas agus an taifead a ullmhú.

    Tosaigh Inniu

    €69.00
    Cláraigh

    Téarmaí agus Coinníollacha

    • Tá úsáid an tsuímh gréasáin ranganna.com á rialú ag na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach thíos. Tá na téarmaí agus coinníollacha seo tábhachtach agus ceapadh iad chun cosaint a thabhairt duitse, d’úinéirí an tsuímh, Gaelchultúr Teoranta, agus dá chuid gníomhairí. Dá bhrí sin, déan iad a léamh go cúramach, le do thoil. Má bhaineann tú úsáid as an suíomh gréasáin tugann tú le fios go bhfuil tú i ndiaidh glacadh leo agus gur ar do phriacail féin a úsáideann tú an suíomh.
    • Tá an suíomh gréasáin seo bunaithe in Éirinn de réir dhlíthe Phoblacht Éireann agus rialófar é de réir dhlíthe na tíre sin. Nuair a úsáideann tú an suíomh, glacann tú leis go mbeidh d’úsáid féin, agus aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, á rialú mar an gcéanna ag dlíthe na hÉireann agus, má thagann aon díospóid chun cinn i ngeall ar d’úsáid féin nó aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, go dtoilíonn tú a leithéid de dhíospóid a phlé i gcúirteanna na hÉireann.
    • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta aon athruithe a dhéanamh ar an eolas atá ar an suíomh gréasáin ranganna.com, agus chomh maith leis sin ar an dearadh agus ar na seirbhísí a sholáthraítear ar an suíomh gan foláireamh agus gan dliteanas. Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta cur le coinníollacha úsáide an tsuímh nó iad a athrú. Déanfar aon athruithe ar an suíomh a fhógairt ar an leathanach seo agus beidh an fhreagracht ortsa mar úsáideoir cinntiú go mbeidh tú ar an eolas faoi athruithe ar bith a dhéanfar ó am go chéile, agus measfar gur ghlac tú le hathrú ar bith a bheidh déanta má leanann tú ort de bheith ag dul isteach sa suíomh ina dhiaidh sin.
    • Creidimid go bhfuil na ráitis atá le fáil inár mbróisiúir, ár suíomh gréasáin agus ar ábhair eile mhargaíochta cruinn agus ceart ag an am a dhéantar iad. Tá gach iarracht réasúnta déanta cur síos a thabhairt ar na cúrsaí agus aon seirbhís eile a luaitear. Ní féidir linn glacadh le freagracht as athruithe ar bith a tharlaíonn tar éis don bhróisiúr nó don ábhar margaíochta eile a bheith curtha ar fáil. (Bíonn eolas cothrom le dáta le fáil ar ár suíomh gréasáin). Ní féidir linn glacadh le dliteanas maidir le cúinsí nach bhfuil aon smacht againn orthu.
    • Is le Gaelchultúr Teoranta an suíomh gréasáin seo agus is é atá ina bhun, agus tá gach eolas agus ábhar atá le feiceáil ar an suíomh (“an t-ábhar”) chun úsáide pearsanta amháin, agus ní chun úsáide tráchtála. Maoin Gaelchultúr nó a chuid gníomhairí is ea gach bogearra atá le fáil ar an suíomh seo agus gach ábhar atá ar fáil ar an suíomh seo (an fhaisnéis, an t-ábhar, na grafaicí, an téacs, na fuaimeanna, na híomhánna, na cnaipí, na trádmharcanna, na hainmneacha trádála agus na lógónna) faoi chosaint cóipchirt, ceart trádmharcanna, ceart bunachair sonraí, ceart sui generis agus dlíthe eile na maoine intleachtúla, faoi dhlíthe náisiúnta agus faoi chonarthaí idirnáisiúnta. Ní ceadmhach aon chuid den ábhar a íoschóipeáil, a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a chur sa phost, a tharchur, a chur i gcomhad athfhála, a dhíol nó a dháileadh gan cead scríofa a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir. Níl san áireamh leis seo íoschóipeáil cóipe amháin de shleachta ón suíomh ar aon ríomhaire amháin a d’úsáidfí sa bhaile amháin agus ní chun tráchtála, ar choinníoll nach gcuirtear isteach ar chóipcheart ná ar cheart maoine. Tá cosc ar athruithe a dhéanamh ar aon chuid den ábhar nó aon chuid den ábhar a úsáid d’aon chuspóir seachas cuspóir a luaitear anseo (a úsáid ar aon suíomh gréasáin nó líonra ríomhaireachta eile gan teorainn san áireamh).
    • Má bhíonn ceist ar bith agat faoi áirithint atá déanta agat, má bhíonn deacracht ar bith agat ag úsáid an tsuímh seo, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi sheirbhís ar bith de chuid Gaelchultúr, téigh i dteagmháil le do thoil le: eolas@gaelchultur.com.
    • Is é an comhlacht Stripe a chuireann an tseirbhís íocaíochtaí ar líne ar fáil ar an suíomh gréasáin ranganna.com. Dearbhaíonn Stripe agus a pháirtí Gaelchultúr nach roinnfear na sonraí pearsanta a chuirfidh tú ar fáil riamh le haon tríú páirtí gan do chead agus go mbainfidh pé teachtaireachtaí ríomhphoist a gheobhaidh tú ó Stripe agus a pháirtí Gaelchultúr le d’áirithint amháin. Dearbhaíonn Stripe agus Gaelchultúr nach seolfaidh siad turscar chugat riamh. D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh orainn na sonraí pearsanta a thug tú dúinn (d’ainm agus sonraí teagmhála, cuir i gcás) a chur ar fáil do do theagascóir. Ba mhaith linn bheith in ann do chuid sonraí a stóráil ar mhaithe le margaíocht a dhéanamh san am atá romhainn (bróisiúr a chur chugat, mar shampla). Mura mian leat ábhar margaíochta a fháil uainn, cuir é sin in iúl dúinn agus bainfear ón liosta tú.
    • Ní mór duit táille iomlán cúrsa, ranga nó ceardlainne a íoc ina hiomláine roimh ré chun áit a chur in áirithe ar an gcúrsa, sa rang nó sa cheardlann sin.
    • Chun gur féidir cúrsa, rang nó ceardlann de chineál ar bith a reáchtáil, caithfidh íosmhéid áirithe rannpháirtithe a bheith cláraithe dó. Má tharlaíonn sé nach sroichtear an t-íosmhéid sin, tá sé de chead ag Gaelchultúr an cúrsa, rang nó ceardlann a chur ar ceal. Tabharfar fógra 24 uair an chloig dóibh siúd atá cláraithe don chúrsa, rang nó ceardlann agus aisíocfar an táille ina hiomláine leo.
    • Má bhíonn tú míshásta ar aon chúis leis an gcúrsa atá ceannaithe agat, tá tú i dteideal aisíocaíocht iomlán a fháil suas go dtí seacht lá tar éis an dáta ar íoc tú as an gcúrsa, ach amháin má tá an cúrsa féin tosaithe agat. Má bhíonn an cúrsa tosaithe, is féidir leat fós aisíocaíocht a fháil go dtí an tríú seachtain, ach déanfar luach an mhéid uaireanta an chloig teagaisc atá imithe sa chúrsa a bhaint as an táille atá íoctha agat agus íocfar an fuílleach leat. Má tharraingíonn tú siar ó chúrsa, ní bheidh cead agat teacht ar ábhair an chúrsa (ábhar le híoslódáil, etc.) ar an suíomh gréasáin ranganna.com a thuilleadh. I gcás cúrsaí ar líne, measfar go mbeidh cúrsa tosaithe agat má tá tú tar éis logáil isteach don chúrsa ar an suíomh gréasáin ranganna.com. Má tharraingíonn tú siar ó chúrsa ar líne, ní bheidh cead agat teacht ar ábhair an chúrsa (ábhar le híoslódáil, etc.) ar an suíomh gréasáin ranganna.com a thuilleadh. Má tá tú i dteideal aisíocaíocht a fháil, mar atá leagtha síos sna coinníollacha thuas, déan teagmháil le Gaelchultúr (cf. na sonraí teagmhála thíos) agus cuir in iúl gur mian leat aisíocaíocht a fháil. Déanfar an aisíocaíocht a sheoladh chugat laistigh de 21 lá.