Cluichí Cainte don Rang Gaeilge Bunscoile
Tá an cúrsa samhraidh seo ar líne, ar fiú 3 lá EPV é, dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh rang 3 – rang 6 agus tá sé bunaithe ar Gníomhaíochtaí Gasta, leabhar de ghníomhaíochtaí cumarsáide Gaeilge don mhúinteoir bunscoile. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí ar mhaith leo níos mó a fhoghlaim faoi phrionsabail agus struchtúr ceachtanna cumarsáideacha.
Réamhrá
Tábhachtach: Is é an t-ainm a bhí ar an gcúrsa seo in 2020 ná Gníomhaíochtaí Gasta Topaicí 1-5 den Churaclam
Tá an cúrsa samhraidh seo ar líne, ar fiú 3 lá EPV é, dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh rang 3 – rang 6 agus tá sé bunaithe ar Gníomhaíochtaí Gasta, leabhar de ghníomhaíochtaí cumarsáide Gaeilge don mhúinteoir bunscoile. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí ar mhaith leo níos mó a fhoghlaim faoi phrionsabail agus struchtúr ceachtanna cumarsáideacha. I ngach modúl, cuirtear i láthair ceachtanna samplacha atá bunaithe ar cheann de na chéad chúig théama sa churaclam bunscoile. Tá béim láidir ar an gcur chuige cumarsáideach sna ceachtanna seo, agus tá na tréimhsí réamhchumarsáide, fíorchumarsáide agus iarchumarsáide i gceist i ngach ceann acu.
Ar mhaith leat 3 lá EPV a thuilleamh agus do chuid scileanna Gaeilge agus múinteoireachta a shaibhriú ag an am céanna? Is fiú 3 lá EPV na cúrsaí seo. Mura bhfuil tú sásta le do chúrsa EPV, gheobhaidh tú aisíocaíocht iomlán! Sin cé chomh muiníneach is atá muid go rachaidh na cúrsaí seo chun sochair duit.*
Is iad príomhchuspóirí an chúrsa ná:
- tuiscint a thabhairt do mhúinteoirí ar mhodhanna múinte an churaclaim Gaeilge, mar aon le prionsabail agus struchtúr ceachtanna cumarsáideacha;
- smaointe nua a thabhairt do mhúinteoirí maidir le teagasc na Gaeilge a bheidh siad in ann iad a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, chun feabhas a chur ar chaighdeán teagaisc na Gaeilge, chun suim a mhúscailt sa teanga agus chun cur le cumas cumarsáide na ndaltaí;
- cur le scileanna múinteoireachta Gaeilge na múinteoirí agus lena muinín maidir le múineadh na teanga;
- an stór focal agus an ghramadach is lárnaí a bhaineann le téamaí 1-5 den churaclam a mhúineadh trí ghníomhaíochtaí taitneamhacha idirghníomhacha;
- deis a thabhairt do mhúinteoirí a gcuid scileanna éisteachta agus labhartha a fhorbairt trí bheith ag éisteacht le comhaid fuaime atá dírithe ar theanga na gceachtanna cumarsáide, rud a chuirfidh feabhas ar a gcuid scileanna teagaisc;
- comhairle a chur ar na rannpháirtithe i dtaca le féinmheastóireacht scoile agus feabhsú scoile.
Ábhar an chúrsa
Modúl 1 - Cuir síos a thabhairt ar dhuine
- Stór focal, comhad fuaime, cluiche cumarsáide, gníomhaíocht chumarsáide agus príomhphointí gramadaí ag baint leis an téama thuas
- Feidhmeanna teanga: eolas a lorg agus a thabhairt
Modúl 2 - Obair an Tí
- Stór focal, comhad fuaime, cluiche cláir agus briathra ag baint leis an téama thuas
- Feidhmeanna teanga: eolas a lorg agus a thabhairt faoi shuíomh
Modúl 3 - Sa Seomra Ranga
- Stór focal, comhad fuaime, gníomhaíocht chumarsáide agus gramadach ag baint leis an téarma thuas
- Feidhmeanna teanga: eolas a lorg agus a thabhairt faoi shuíomh
Modúl 4 - Bia agus Béilí
- Stór focal agus gramadach ag baint leis na téamaí thuas
- Feidhmeanna teanga: eolas a thabhairt agus a lorg
Modúl 5 - Cláracha Teilifíse
- Stór focal, comhad fuaime, cluichí cumarsáide agus gramadach ag baint leis na téamaí thuas
- Feidhmeanna teanga: eolas a thabhairt agus a lorg
Ábhar na n-aonad
- Fuaimeanna lárnacha
- Na fuaimeanna lárnacha ar cheart do na foghlaimeoirí díriú orthu san aonad áirithe sin.
- Eolas úsáideach
- An ghramadach a bhaineann leis an topaic atá i gceist san aonad. Cuirtear an ghramadach ar fáil i gcomhthéacs agus i bpíosaí beaga, agus seachnaítear téarmaíocht chasta.
- Comhráite
- Ceithre chomhrá agus aistriúchán Béarla de na comhráite sin. Tá an teanga atá le fáil sna comhráite seo nádúrtha agus dúchasach.
- Stór focal lárnach agus frásaí úsáideacha
- Stór focal lárnach agus frásaí úsáideacha a bhaineann le téama an aonaid.
- Cleachtaí
- Réimse leathan de chleachtaí spraíúla atá bunaithe ar an stór focal agus ar an ngramadach atá le fáil san aonad. Tá na cleachtaí scríofa idirghníomhach. Nuair a bhíonn ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bhí ceart agat agus cad iad na freagraí a bhí mícheart agat, cuirtear na freagraí cearta ar fáil duit agus tugtar scór duit. Tá comhaid fuaime leis na cleachtaí béil.
- Léargas
- Is í an aidhm atá ag na sleachta seo ná eolas a thabhairt d’fhoghlaimeoirí faoi stair na Gaeilge agus tuiscint níos fearr a thabhairt dóibh mar gheall ar an nGaeilge sa domhan comhaimseartha.
- Leideanna áisiúla d’fhoghlaimeoirí
- Leideanna áisiúla d’fhoghlaimeoirí faoi bhealaí éifeachtúla foghlama.
- Cainteoirí Gaeilge
- Tá réimse cainteoirí Gaeilge le feiceáil sna físeáin atá le fáil sa rannóg seo. Rinneadh an scannánú ar an láthair i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.
Treoir
Leagan amach
Tá cúig mhodúl sa chúrsa seo agus tá meascán de mhíniúchán, de stór focal úsáideach agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu.
Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat, is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil agus tabharfar scór duit.
Ag tús gach modúil, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu sa mhodúl sin.
Chun bogadh ó scáileán go scáileán, níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada ‘Ar aghaidh’ ar thaobh na láimhe clé (le dul siar) nó ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile sa mhodúl.
Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat sa mhodúl agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad mhodúl eile, an modúl a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.
Ceisteanna Coitianta
Cathain is féidir liom clárú don chúrsa?
Anois díreach!
Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?
Am ar bith ó thús mhí Iúil ar aghaidh. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 1 Iúil 2024 agus 16 Lúnasa 2024 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh.
Faoi 16 Lúnasa 2024. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 1 Iúil 2024 agus 16 Lúnasa 2024 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.
Cén obair a bheidh le déanamh agam i ngach modúl?
Beidh ort ábhar an mhodúil a léamh agus tabhairt faoi na cleachtaí idirghníomhacha go léir. Nuair a bheidh an méid sin déanta agat, beidh ort an cheist idirghníomhach ag deireadh an mhodúil a fhreagairt ar fhóram an chúrsa. Is gá ar a laghad trácht amháin a dhéanamh in aghaidh an mhodúil ar an bhfóram nach freagra é ar cheist idirghníomhach. Ag deireadh an chúrsa ar fad, ní mór duit an cheist athmhachnamhach a fhreagairt. Arís, beidh ort do fhreagra a chur ar an bhfóram.
Cé mhéad uair an chloig is gá dom a chaitheamh ag déanamh obair an chúrsa seo?
Timpeall 20 uair an chloig.
An i nGaeilge nó i mBéarla atá ábhar an chúrsa scríofa?
Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.
An mbeidh orm an cheist idirghníomhach ag deireadh gach modúil a fhreagairt as Gaeilge?
Ní bheidh. Molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, ach tá cead agat Béarla a úsáid más gá.
An féidir liom tabhairt faoin gcúrsa ar mo ghuthán cliste nó ar mo ríomhaire táibléid, e.g. iPad?
Is féidir an chuid is mó de ranganna.com a úsáid ar ghuthán cliste nó ar ríomhaire táibléid ach ní oibríonn ábhar ilmheán an tsuímh ar gach cineál gléis. B’fhearr duit, dá bhrí sin, triail a bhaint as aonad samplach den chúrsa a bhfuil sé i gceist agat tabhairt faoi ar an ngléas, sula gcuireann tú an cúrsa sin in áirithe.
Cad a dhéanfaidh mé má bhíonn ceist agam?
Scríobh ar an bhfóram í nó scríobh chuig éascaitheoir an chúrsa.
Cad a dhéanfaidh mé má bhíonn gearán agam?
Scríobh chuig eolas@ranganna.com.
An féidir liom níos mó ná cúrsa amháin a dhéanamh?
Is féidir, cinnte! De réir rialacha na Roinne Oideachais maidir le cúrsaí ar líne, tabharfar trí lá EPV do rannpháirtithe a chríochnóidh cúrsa amháin ar líne, ceithre lá EPV dóibhsean a chríochnóidh dhá chúrsa ar líne agus cúig lá EPV dóibh siúd a chríochnóidh trí chúrsa ar líne.
Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil an cúrsa críochnaithe agam?
Beidh an cúrsa críochnaithe agat nuair a bheidh:
Gheobhaidh tú do theastas agus taifead ar d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach taobh istigh de choicís ón am a chríochnóidh tú an cúrsa. Tógann sé tamaillín na freagraí a thiomsú, agus an teastas agus an taifead a ullmhú.
Tosaigh Inniu
Téarmaí agus Coinníollacha
- Tá úsáid an tsuímh gréasáin ranganna.com á rialú ag na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach thíos. Tá na téarmaí agus coinníollacha seo tábhachtach agus ceapadh iad chun cosaint a thabhairt duitse, d’úinéirí an tsuímh, Gaelchultúr Teoranta, agus dá chuid gníomhairí. Dá bhrí sin, déan iad a léamh go cúramach, le do thoil. Má bhaineann tú úsáid as an suíomh gréasáin tugann tú le fios go bhfuil tú i ndiaidh glacadh leo agus gur ar do phriacail féin a úsáideann tú an suíomh.
- Tá an suíomh gréasáin seo bunaithe in Éirinn de réir dhlíthe Phoblacht Éireann agus rialófar é de réir dhlíthe na tíre sin. Nuair a úsáideann tú an suíomh, glacann tú leis go mbeidh d’úsáid féin, agus aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, á rialú mar an gcéanna ag dlíthe na hÉireann agus, má thagann aon díospóid chun cinn i ngeall ar d’úsáid féin nó aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, go dtoilíonn tú a leithéid de dhíospóid a phlé i gcúirteanna na hÉireann.
- Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta aon athruithe a dhéanamh ar an eolas atá ar an suíomh gréasáin ranganna.com, agus chomh maith leis sin ar an dearadh agus ar na seirbhísí a sholáthraítear ar an suíomh gan foláireamh agus gan dliteanas. Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta cur le coinníollacha úsáide an tsuímh nó iad a athrú. Déanfar aon athruithe ar an suíomh a fhógairt ar an leathanach seo agus beidh an fhreagracht ortsa mar úsáideoir cinntiú go mbeidh tú ar an eolas faoi athruithe ar bith a dhéanfar ó am go chéile, agus measfar gur ghlac tú le hathrú ar bith a bheidh déanta má leanann tú ort de bheith ag dul isteach sa suíomh ina dhiaidh sin.
- Creidimid go bhfuil na ráitis atá le fáil inár mbróisiúir, ár suíomh gréasáin agus ar ábhair eile mhargaíochta cruinn agus ceart ag an am a dhéantar iad. Tá gach iarracht réasúnta déanta cur síos a thabhairt ar na cúrsaí agus aon seirbhís eile a luaitear. Ní féidir linn glacadh le freagracht as athruithe ar bith a tharlaíonn tar éis don bhróisiúr nó don ábhar margaíochta eile a bheith curtha ar fáil. (Bíonn eolas cothrom le dáta le fáil ar ár suíomh gréasáin). Ní féidir linn glacadh le dliteanas maidir le cúinsí nach bhfuil aon smacht againn orthu.
- Is le Gaelchultúr Teoranta an suíomh gréasáin seo agus is é atá ina bhun, agus tá gach eolas agus ábhar atá le feiceáil ar an suíomh (“an t-ábhar”) chun úsáide pearsanta amháin, agus ní chun úsáide tráchtála. Maoin Gaelchultúr nó a chuid gníomhairí is ea gach bogearra atá le fáil ar an suíomh seo agus gach ábhar atá ar fáil ar an suíomh seo (an fhaisnéis, an t-ábhar, na grafaicí, an téacs, na fuaimeanna, na híomhánna, na cnaipí, na trádmharcanna, na hainmneacha trádála agus na lógónna) faoi chosaint cóipchirt, ceart trádmharcanna, ceart bunachair sonraí, ceart sui generis agus dlíthe eile na maoine intleachtúla, faoi dhlíthe náisiúnta agus faoi chonarthaí idirnáisiúnta. Ní ceadmhach aon chuid den ábhar a íoschóipeáil, a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a chur sa phost, a tharchur, a chur i gcomhad athfhála, a dhíol nó a dháileadh gan cead scríofa a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir. Níl san áireamh leis seo íoschóipeáil cóipe amháin de shleachta ón suíomh ar aon ríomhaire amháin a d’úsáidfí sa bhaile amháin agus ní chun tráchtála, ar choinníoll nach gcuirtear isteach ar chóipcheart ná ar cheart maoine. Tá cosc ar athruithe a dhéanamh ar aon chuid den ábhar nó aon chuid den ábhar a úsáid d’aon chuspóir seachas cuspóir a luaitear anseo (a úsáid ar aon suíomh gréasáin nó líonra ríomhaireachta eile gan teorainn san áireamh).
- Má bhíonn ceist ar bith agat faoi áirithint atá déanta agat, má bhíonn deacracht ar bith agat ag úsáid an tsuímh seo, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi sheirbhís ar bith de chuid Gaelchultúr, téigh i dteagmháil le do thoil le: eolas@gaelchultur.com.
- Is é an comhlacht Stripe a chuireann an tseirbhís íocaíochtaí ar líne ar fáil ar an suíomh gréasáin ranganna.com. Dearbhaíonn Stripe agus a pháirtí Gaelchultúr nach roinnfear na sonraí pearsanta a chuirfidh tú ar fáil riamh le haon tríú páirtí gan do chead agus go mbainfidh pé teachtaireachtaí ríomhphoist a gheobhaidh tú ó Stripe agus a pháirtí Gaelchultúr le d’áirithint amháin. Dearbhaíonn Stripe agus Gaelchultúr nach seolfaidh siad turscar chugat riamh. D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh orainn na sonraí pearsanta a thug tú dúinn (d’ainm agus sonraí teagmhála, cuir i gcás) a chur ar fáil do do theagascóir. Ba mhaith linn bheith in ann do chuid sonraí a stóráil ar mhaithe le margaíocht a dhéanamh san am atá romhainn (bróisiúr a chur chugat, mar shampla). Mura mian leat ábhar margaíochta a fháil uainn, cuir é sin in iúl dúinn agus bainfear ón liosta tú.
- Ní mór duit táille iomlán cúrsa, ranga nó ceardlainne a íoc ina hiomláine roimh ré chun áit a chur in áirithe ar an gcúrsa, sa rang nó sa cheardlann sin.
- Chun gur féidir cúrsa, rang nó ceardlann de chineál ar bith a reáchtáil, caithfidh íosmhéid áirithe rannpháirtithe a bheith cláraithe dó. Má tharlaíonn sé nach sroichtear an t-íosmhéid sin, tá sé de chead ag Gaelchultúr an cúrsa, rang nó ceardlann a chur ar ceal. Tabharfar fógra 24 uair an chloig dóibh siúd atá cláraithe don chúrsa, rang nó ceardlann agus aisíocfar an táille ina hiomláine leo.
- Má bhíonn tú míshásta ar aon chúis leis an gcúrsa atá ceannaithe agat, tá tú i dteideal aisíocaíocht iomlán a fháil suas go dtí seacht lá tar éis an dáta ar íoc tú as an gcúrsa, ach amháin má tá an cúrsa féin tosaithe agat. Má bhíonn an cúrsa tosaithe, is féidir leat fós aisíocaíocht a fháil go dtí an tríú seachtain, ach déanfar luach an mhéid uaireanta an chloig teagaisc atá imithe sa chúrsa a bhaint as an táille atá íoctha agat agus íocfar an fuílleach leat. Má tharraingíonn tú siar ó chúrsa, ní bheidh cead agat teacht ar ábhair an chúrsa (ábhar le híoslódáil, etc.) ar an suíomh gréasáin ranganna.com a thuilleadh. I gcás cúrsaí ar líne, measfar go mbeidh cúrsa tosaithe agat má tá tú tar éis logáil isteach don chúrsa ar an suíomh gréasáin ranganna.com. Má tharraingíonn tú siar ó chúrsa ar líne, ní bheidh cead agat teacht ar ábhair an chúrsa (ábhar le híoslódáil, etc.) ar an suíomh gréasáin ranganna.com a thuilleadh. Má tá tú i dteideal aisíocaíocht a fháil, mar atá leagtha síos sna coinníollacha thuas, déan teagmháil le Gaelchultúr (cf. na sonraí teagmhála thíos) agus cuir in iúl gur mian leat aisíocaíocht a fháil. Déanfar an aisíocaíocht a sheoladh chugat laistigh de 21 lá.
- Má bhíonn ceist, aiseolas nó gearán faoin gcúrsa agat, déan teagmháil le eolas@ranganna.com le do thoil.