Image Description

An áit is fearr le Gaeilge a fhoghlaim ar líne.

Ligeann Ranganna.com duit Gaeilge nadúrtha laethúil a fhoghlaim go neamhspleách agus ar do luas féin.

Déan do chuid Gaeilge a thástáil

Faigh amach cén leibhéal is oiriúnaí duitse.

Déan do chuid Gaeilge a thástáil

Rannpháirteach agus idirghníomhach

Tá ranganna.com foghlaimeoirlárnach

Cleachtaí idirghníomhacha

Image Description

Nuair a bhíonn tasc críochnaithe agat, faigheann tú aiseolas láithreach, tugtar scór duit agus cuirtear na freagraí cearta in iúl duit.

Fuaim agus fís

Image Description

Tugann ábhar fuaime agus físe rochtain duit ar Ghaeilge laethúil agus cabhraíonn sé leat fuaimeanna na teanga a shealbhú i gceart.

Fóraim

Image Description

Tá fóram i ngach cúrsa inar féidir leat dul i dteagmháil le foghlaimeoirí eile agus le héascaitheoirí an tsuímh.

Féach air beo. Bain triail as saor in aisce

Ar do ghuthán cliste, táibléad nó ríomhaire

Tá ár suíomh gréasáin sofhreagrach agus in oiriúint d'fhóin phóca. Oibríonn sé ar fhóin chliste, táibléad, ríomhairí glúine agus, ar ndóigh, ríomhairí deisce.


Foghlaim céim ar chéim

Tá siollabas cuimsitheach grádaithe mar bhonn agus mar thaca ag gach cúrsa ar ranganna.com. Déantar an t-ábhar a sheachadadh ar bhealach atá éasca le húsáid agus ní bhíonn an méid ábhair a chuirtear i láthair ró-mhór.

Cuireann cleachtaí idirghníomhacha le linn an chúrsa ar do chumas do chuid eolais ar an méid a múineadh duit a thástáil.

— Líon na bhFoghlaimeoirí
42,185 K

Le 15 bliana anuas, tá cúrsa críochnaithe ag 42,185 foghlaimeoir linn.

— Pobal Domhanda
30+ +

Tá daoine ag foghlaim na Gaeilge linn in os cionn 30 tír fud fad na cruinne.

— Moladh
91% %

Dúirt 91% dár gcuid foghlaimeoirí i mbliana go molfaidís ár gcuid cúrsaí Gaeilge dá gcairde nó dá muintir.

Eolas Fúinn

Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é Ranganna.com. Cuireann Gaelchultúr cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar an gcaighdeán is airde ar fáil, atá dírithe ar dhaoine fásta ar fud na cruinne a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá sé mar sprioc againn seirbhísí den scoth a thairiscint d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chun iad a spreagadh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú.

Bhronn QQI stádas mar choláiste tríú leibhéal ar Ghaelchultúr in 2013 agus tá cúrsaí aitheanta á gcur ar fáil aige anois ag leibhéil 2, 3, 4, 5, 6 agus 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, chomh maith le go leor cúrsaí Gaeilge eile.

Bronnadh an Séala Eorpach Teanga ar an suíomh ríomhfhoghlama seo, ranganna.com, in 2009.

Foghlaim níos mó fúinn