Eolas fúinn

Is é Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, a bunaíodh in 2004, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge.

image alt
— Líon na bhfoghlaimeoirí
50000 +

Tá 50,000+ foghlaimeoir tar éis cúrsa a dhéanamh linn le deich mbliana anuas.

— Pobal Domhanda
30 +

Tá daoine ag foghlaim na Gaeilge linn in os cionn 30 tír fud fad na cruinne.

—Eagrais agus Comhlachtaí
94

Tá 94 eagras agus comhlacht tar éis cúrsa Gaeilge a dhéanamh linn le bliain anuas.

— Moladh
91% %

Dúirt 91% dár gcuid foghlaimeoirí i mbliana go molfaidís ár gcuid cúrsaí Gaeilge dá gcairde nó dá muintir.


Cúrsaí agus acmhainní Gaeilge

Is é Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, a bunaíodh in 2004, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. Tá Gaelchultúr lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus tá sé ag freastal ar lucht foghlama na teanga i ngach cearn den domhan.

Cuireann Gaelchultúr cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar an gcaighdeán is airde ar fáil, atá dírithe ar dhaoine fásta ar fud na cruinne a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá sé mar sprioc againn seirbhísí den scoth a thairiscint d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chun iad a spreagadh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú. Tá cúrsaí Gaeilge á reáchtáil ag Gaelchultúr timpeall an domhain, agus múinteoirí cumasacha ina mbun. Cuireann ár suíomh gréasáin ríomhfhoghlama, ranganna.com, deiseanna ar fáil d’fhoghlaimeoirí i ngach cearn den domhan foghlaim ag a luas féin.


Ár bhfoireann

Image Description
Príomhfheidhmeannach

Darren Ó Rodaigh

Rugadh agus tógadh Darren i gCill Mhantáin. Rinne sé a bhunchéim le Fiontar in OCBÁC agus MBA i gColáiste na Tríonóide. Thosaigh sé a chéad chomhlacht san ollscoil agus d’éirigh leis an gcomhlacht sin dul ar an stocmhalartán. Bhí baint aige le neart comhlachtaí nuabhunaithe thar na blianta agus bhunaigh sé Gaelchultúr in 2004. Is maith leis a bheith ag rith agus ag cócaireacht agus tá spéis aige i gcúrsaí reatha.

Image Description
Leas-Stiúrthóir Oideachais

Eimear Ní Chinnéide

Is as Contae Ard Mhacha ó dhúchas í Eimear. Rinne sí bunchéim sa Ghaeilge agus sa Fhraincis in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus bhain sí céadonóracha amach sa dá ábhar sin. Rinne sí máistreacht agus dochtúireacht sa Ghaeilge san institiúid chéanna agus bhain sí an chéim dochtúra amach sa bhliain 2017. Bronnadh scoláireacht Fulbright uirthi sa bhliain 2016 agus chaith sí bliain ag teagasc na Gaeilge in Ollscoil Nua-Eabhrac agus in Ollscoil Drew, New Jersey. Thosaigh Eimear ag obair le Gaelchultúr in 2019 agus is í Leas-Stiúrthóir Oideachais an choláiste ó bhí 2021 ann. Tá dúil mhór aici sa cheol, sa léitheoireacht agus a bheith ag amharc ar Netflix. Is breá léi dul ag taisteal thar lear chomh maith.

Image Description
Bainisteoir Díolacháin agus Margaíochta

Ellen Curtin

Rugadh agus tógadh Ellen i mBaile Átha Cliath. Bhain sí céadonóracha amach sa bhunchéim Gaeilge agus Iriseoireacht ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus san iarchéim Tráchtálú Teicneolaíochta ag Ollscoil na Gaillimhe. Tá taithí ríluachmhar faighte aici ar chúrsaí brandála, ar chruthú ábhair agus ar an margaíocht dhigiteach le comhlachtaí in earnáil na Gaeilge agus in earnáil na turasóireachta. Taitníonn sé léi a bheith ag taisteal, ag péinteáil agus ag snámh san fharraige. Thosaigh sí ag obair le Gaelchultúr in 2020.

Image Description
Bainisteoir Oibríochtaí

Pádraig Mac Congáil

Rugadh agus tógadh Pádraig Mac Congáil i nDoire Cholmcille. D’fhreastail sé ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bhain sé BA, MA, PhD agus Teastais Iarchéime san Oideachas amach. Scríobh sé a thráchtas PhD ar ‘Éamon de Valera, an Ghaeilge agus an Náisiúnachas Teanga’, sular chaith sé bliain ar scoláireacht Fulbright ag teagasc Gaeilge sna Stáit Aontaithe. Tá Pádraig paiseanta faoi chur chun cinn na Gaeilge san iarthuaisceart agus chaith sé trí bliana ag obair le pobail Ghaeilge sa taobh sin tíre sular thosaigh sé ag obair le Gaelchultúr in 2022.

Feidhmeannach Sinsearach Tionscadal

Sharon Howe

Ceann Forbartha Cúrsaí

Niamh Nic Leoid

Is as Leitir Mealláin i nGaeltacht Chonamara í Niamh. Bhain sí BA sna Teangacha Feidhmeacha (Gaeilge, Fraincis & TESOL) amach ó Ollscoil Luimnigh agus MA san Aistriúchán (Gaeilge & Fraincis) ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Bronnadh PhD sa Léann Ceilteach uirthi i 2023 ó Ollscoil Dhún Éideann. Tá suim ar leith aici sa sealbhú teanga agus i sochtheangeolaíocht na Gaeilge. Tá tréimhsí caite ag Niamh ag teagasc na Gaeilge in Éirinn, in Albain agus i Meiriceá (Scoláireacht Fulbright 2016). Thosaigh sí ag teagasc le Gaelchultúr i 2020 agus tá sí ag obair ina ról mar Cheann Forbartha Cúrsaí ó 2022. Is breá le Niamh a bheith ag cócaráil agus ag ithe, ag siúl sléibhe agus ag taisteal.

Feidhmeannach Margaíochta Digití

Helen de Búrca

Is as Tuaisceart Bhaile Átha Cliath do Helen agus bhain sí amach Baitsiléir Ealaíon sa Nua-Ghaeilge agus sa Fhraincis agus Máistreacht Ealaíon sa Nua-Ghaeilge agus sna Taibhealaíona in Ollscoil Mhá Nuad.Thosaigh sí ag obair sa rannóg margaíochta ag Gaelchultúr i mí Mheán Fómhair 2023 agus le linn an ama sin bhain sí Dioplóma amach sa Mhargaíocht Dhigiteach le hAcadamh Gairmiúil Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Lasmuigh den obair, is maith le Helen an ealaín, an ceol, an amharclannaíocht agus an scríbhneoireacht chruthaitheach.

Cúntóir Riaracháin

Jody Buckley-Coogan

Ó Chorcaigh do Jody, áit ar bhain sé BA sa Ghaeilge agus sa Fhraincis agus MA sa tSean-Ghaeilge agus sa Mheán-Ghaeilge amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Ghnóthaigh sé PhD ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste in 2020 dar scríobh sé tráchtas dar teideal Dlíthe Luath-Ghaeilge: Staidéar ar Theanga agus ar Dhátú Gluaiseanna agus Tráchtanna. Tar éis dó sealanna a chaitheamh ag obair laistigh agus lasmuigh de shaol na Gaeilge, thosaigh sé i bpost le Gaelchultúr ag tús 2024.

Cúntóir Riaracháin

Dominica Williams

Is as Baile Átha Cliath í Dominica. Tógadh le Gaeilge í i dteaghlach dátheangach agus d’fhreastail sí ar Ghaelscoileanna i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Bhain sí céim amach sa Drámaíocht agus sa Ghearmáinis i gColáiste na Tríonóide agus, ina dhiaidh sin, d’oibrigh sí mar amhránaí opera ar feadh deich mbliana leis na compántais Éireannacha Irish National Opera agus Wexford Festival Opera chomh maith leis na compántais Shasanacha Glyndebourne Festival Opera agus Opera Holland Park. Thosaigh sí ag múineadh na Gaeilge ceithre bliana ó shin agus is múinteoir Gaeilge í le Gaelchultúr anois chomh maith. Tá an-spéis ag Dominica sna teangacha, san amharclannaíocht, san opera agus san ealaín agus is aoibhinn léi a bheith ag snámh san fharraige agus ag bollánóireacht faoi dhíon.

Image Description
Cathaoirleach, Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán

Éamonn Ó Dónaill

An Chomhairle Acadúil

Carmel Nic Eoin, Dónall Ó Baoill

Eagraíochtaí a bhaineann leas as ár gcuid seirbhís