ranganna.com Triail Ghaeilge ar Líne

Déan do chuid Gaeilge a mheas le Gaelchultúr

Triail Ghaeilge ar Líne
📝
Tá 100 ceist ar fad sa triail. Roghnaítear ceisteanna na trialach go randamach, mar sin beidh an triail difriúil gach uair a dhéanfaidh tú í.
💻
Tógann sé idir 10 agus 20 nóiméad ar an meán le déanamh. Más mian leat éirí as an triail roimh an deireadh, is féidir leat é sin a dhéanamh ach cliceáil ar an gcnaipe Torthaí na trialach.
👌
Roghnaigh an freagra ceart. Tá an triail seo grádaithe, mar sin éiríonn na ceisteanna níos deacra de réir mar a théann tú síos tríothu.
✉️
Gheobhaidh tú ríomhphost láithreach ina mbeidh do scór. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bhí ceart agus mícheart agat agus tabharfar na freagraí cearta duit.
MÁ TÁ GAEILGE LÍOFA AGAT ...

tá sé tábhachtach go ndéanfá na ceisteanna go léir sa triail seo a fhreagairt chun a chinntiú go mbeidh iontaofacht ag baint leis an scór a gheobhaidh tú.

MURA BHFUIL GAEILGE LÍOFA AGAT ...

b’fhearr duit éirí as na ceisteanna a fhreagairt agus cliceáil ar an gcnaipe Torthaí na trialach má thugann tú buille faoi thuairim i gcás cúpla ceist as a chéile.

Torthaí

Tugann an treoir thíos léiriú ar an leibhéal do gach scór ó 0 go 100.

Scór An cúrsa is oiriúnaí
0 - 29 Gaeilge gan Stró! - Beginners Level
30 - 59 Gaeilge gan Stró! - Lower Intermediate Level
60 - 100 Gramadach gan Stró!

An bhfuil cuntas agat cheana?

Más rud é go bhfuil cuntas úsáideora agat ar ranganna.com cheana féin, logáil isteach ag barr an scáileáin seo ar dtús, le do thoil. Má dhéanann tú é sin, beidh tú in ann do scór a shábháil gach uair a dhéanfaidh tú an tástáil seo.

Logáil isteach

Cuirfimid do chuid torthaí chugat ar an ríomhphost agus beidh deis agat iad a phlé, más mian leat, le duine d’fhoireann oideachais Ghaelchultúir.

Déanfaimid do shonraí a phróiseáil i gcomhréir lenár bPolasaí Príobháideachais. Féadfaidh tú an toiliú seo a tharraingt siar ag aon am trí ríomhphost a chur chugainn nó trí úsáid a bhaint as an nasc díliostála sna ríomhphoist a gheobhaidh tú uainn.