Ráiteas Príobháideachais Sonraí ó Ghaelchultúr

1. Ár nGealltanas

Tá Gaelchultúr, agus a sheirbhísí ranganna.com, siopa.ie agus ClubLeabhar.com, tiomanta do phríobhaideachas a chuid custaiméirí agus a chuid foghlaimeoirí a chosaint. Tá feidhm ag Ráiteas Príobháideachais Sonraí Ghaelchultúir maidir leis na sonraí ar fad a bhailímid nó a thugtar dúinn, bíodh sin as líne nó ar líne. Áirítear leis sin sonraí pearsanta a bhailímid nó a thugtar dúinn ar ár suíomh gréasáin agus ar ár leathanaigh oifigiúla ar na meáin shóisialta.

Is é Gaelchultúr rialaitheoir na sonraí pearsanta a bhailítear as líne, trínár suíomh gréasáin agus trínár leathanaigh oifigiúla ar na meáin shóisialta. Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin agus ar ár leathanaigh oifigiúla ar na meáin shóisialta, toilíonn tú leis an Ráiteas Príobháideachais Sonraí seo.

2. An chaoi a mbailímid sonraí pearsanta

Ionas go mbeidh tú in ann clárú dár scrúduithe ar líne, dár measúnaithe agus dár gcúrsaí, déanfaimid sonraí a bhailiú fút agus déanfaimid na sonraí sin a phróiseáil. Déanfaimid amhlaidh chun d’idirbheart ar siopa.ie a chur i gcrích freisin.

Is é Airteagal 6(f) – leasanna dlíthiúla – an foras dlíthiúil atá againn do phróiseáil na sonraí pearsanta sin faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí.

Sonraí íogaire

Nuair a chláraíonn tú ar cheann dár gcúrsaí, féadfaimid iarraidh ort grianghraf díot féin a chur chugainn ionas go mbeimid in ann aitheantas fótagrafach a chruthú duit. I ngach cás, iarrfaimid ort toiliú sainráite a thabhairt an grianghraf a phróiseáil chun na críche sainiúla sin.

3. Cumarsáid mhargaíochta

Nuair a chláraíonn tú ar cheann dár n-ardáin, féadfaimid a fhiafraí díot ar mhaith leat cumarsáid mhargaíochta a fháil uainn. Iarrfaimid ort toiliú a thabhairt chun na críche breise sin.

4. An úsáid a bhainfimid as do shonraí pearsanta

Bainimid úsáid as na sonraí a bhailímid agus a choinnímid chun na críocha seo a leanas:

5. Sonraí pearsanta aistrítear do thríú páirtithe

Féadfaidh sé go mbeidh orainn do shonraí pearsanta a roinnt le hinstitiúidí oideachais nó le comhlachtaí rialtais.

Maidir leis na tríú páirtithe a n-aistrímid do chuid sonraí chucu, ceanglaímid orthu slándáil do shonraí pearsanta a urramú agus caitheamh leis na sonraí sin de réir an dlí. Ní thugaimid cead do thríú páirtithe do shonraí pearsanta a phróiseáil, ach amháin má dhéantar sin chun críocha sainiúla agus de réir ár dtreoracha féin.

6. An chaoi a gcosnaímid sonraí pearsanta

Úsáidimid bearta réasúnta eagrúcháin, teicniúla agus riaracháin chun na sonraí pearsanta atá á rialú againn a chosaint. Ní féidir gealltanas a thabhairt, áfach, gur aistriú 100% slán a bheidh i ngach aistriú sonraí a dhéanfar ar an idirlíon nó trí chóras stórála sonraí.

Má cheapann tú ar chúis éigin nach bhfuil do chuid shonraí slán níos mó, is ceart muid a chur ar an eolas láithreach agus teagmháil a dhéanamh linn ag eolas@gaelchultur.com

7. Cá fhad a choinneoidh muid do chuid sonraí

Coinneoimid do chuid sonraí pearsanta don tréimhse is gá chun na críocha ar bhailigh muid iad a chomhlíonadh, agus ní do thréimhse níos faide ná sin.

8. Do chearta dlíthiúla

Faoi na dlíthe um chosaint sonraí, tá cearta agat maidir le do shonraí pearsanta. I measc na gceart sin tá:

9. Cineálacha ID atá de dhíth le go bhfreagrófar iarratas faisnéise

Glacann Gaelchultúr le pas nó le ceadúnas tiomána mar ID sa chás go n-iarrtar faisnéis faoi do chuid sonraí pearsanta.

Má dhéantar iarratas faisnéise ar son foghlaimeora atá níos óige ná sé bliana déag d’aois, ba cheart do thuismitheoir nó do chaomhnóir dlíthiúil an t-iarratas sin a dhéanamh.

Maidir leis an bhfoghlaimeoir sin a bhfuil sonraí á n-iarraidh faoi nó fúithi, tá sé tábhachtach dúinn a bheith cinnte go bhfuil an duine a dhéanann an t-iarratas ag gníomhú go dlisteanach ar son an fhoghlaimeora sin agus chun leasa an fhoghlaimeora sin.

Má bhíonn aon cheist eile agat, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí Ghaelchultúir ag gdpr@gaelchultur.com.

Leagan 1:
25 Bealtaine 2018