Sa Ghaeilge, cumtar an aimsir fháistineach ar dhá bhealach, ag brath ar an réimniú lena mbaineann briathar. Cuirtear faidh nó fidh le fréamh na mbriathra sa chéad réimniú.
mol molfaidh mé molfaimid cuir cuirfidh tú cuirfidh siad
Cuirtear óidh nó eoidh le fréamh na mbriathra sa dara réimniú.
ceannaigh ceannóidh mé ceannóidh sibh imir imreoidh sé imreoidh siad