Useful information 1: Cardinal numbers 1

Seo iad na huimhreacha a úsáidtear agus tú ag comhaireamh rudaí:

1aon chathaoir amháin 11aon chathaoir déag
2dhá chathaoir 12dhá chathaoir déag
3trí chathaoir 13trí chathaoir déag
4ceithre chathaoir 14ceithre chathaoir déag
5cúig chathaoir 15cúig chathaoir déag
6sé chathaoir 16sé chathaoir déag
7seacht gcathaoir 17seacht gcathaoir déag
8ocht gcathaoir 18ocht gcathaoir déag
9naoi gcathaoir 19naoi gcathaoir déag
10deich gcathaoir 20fiche cathaoir

An uimhir uatha den ainmfhocal is gnách a úsáid i ndiaidh na n‑uimhreacha:

trí bhord

cúig oíche

Séimhítear consain i ndiaidh na n‑uimhreacha 2‑6 agus uraítear consain agus gutaí i ndiaidh na n‑uimhreacha 7‑10. Féach ar an bpatrún anseo thíos:

consain gutaí
aon charr amháin aon óstán amháin
2 – 6
séimhiú ar chonsain
dhá charr
cúig dheoch
trí óstán
sé óstán
7-10
urú ar chonsain agus ar ghutaí
seacht gcarr
ocht gcarr
deich gcathaoir
naoi n-oíche
ocht n-óstán
deich n-oíche
Useful information 1: Cardinal numbers 1