Listening and speaking B: Where are my shoes?

Feidhm teanga:
- eolas a thabhairt agus a lorg (ceisteanna a chur agus a fhreagairt)

Tarraingíonn Pádraig na rudaí seo ar le Clíodhna iad in áiteanna éagsúla ar a phictiúrsan: bróga, cianrialtán, iPod agus cóta.
Tarraingíonn Clíodhna na rudaí seo leanas ar le Pádraig iad in áiteanna éagsúla ar a pictiúr siúd: Nintendo, spéaclaí, an páipéar nuachta agus mála.
Caithfidh siad ceisteanna a chur ar a chéile le fáil amach cá bhfuil na rudaí atá á lorg acu gan na pictiúir a thaispeáint dá chéile.
Nóta: Más mian leat an cluiche seo a imirt sa seomra ranga, is féidir leat na bileoga ranga a íoslódáil ach cliceáil anseo.
Clíodhna:An bhfuil fhios agat cá bhfuil mo bhróga?
Pádraig:Tá a fhios. Tá siad ar an urlár sa seomra suite. Cá bhfuil mo Nintendo?
Clíodhna:Tá sé faoin leaba sa seomra leapa. Cá bhfuil an cianrialtán?
Pádraig:Tá sé ar an tolg sa seomra suite. An bhfaca tú mo spéaclaí?
Clíodhna:Chonaic. Tá siad ar an mbord sa chistin. An bhfaca tusa mo iPod?
Pádraig:Chonaic, cinnte. Tá sé ar an mbord caife sa seomra suite. Cá bhfuil an páipéar nuachta?
Clíodhna:Tá sé san áit chéanna! Ar an mbord caife sa seomra suite. An bhfuil a fhios agat cá bhfuil mo chóta?
Pádraig:Tá a fhios. Tá sé ar crochadh ar an doras sa seomra suite. Cá bhfuil mo mhála?
Clíodhna:Tá sé taobh thiar den tolg sa seomra suite.
Listening and speaking B: Where are my shoes?