Useful information 2: Cardinal numbers 2

Tá roinnt rudaí eile maidir le huimhreacha nach mór duit smaoineamh orthu!

1.Tá córas amháin ann sa Ghaeilge chun daoine a chomhaireamh agus córas eile le rudaí a chomhaireamh.

2.Baineann tú úsáid as dhá agus ceithre, seachas agus ceathair, agus tú ag comhaireamh:

a dó ach dhá oíche

a ceathair ach ceithre leabhar

3.Ní féidir urú a chur roimh s agus tú ag comhaireamh:

siopa

ocht siopa (níl sé ceart t a chur roimh an s)

4.Tá roinnt ainmfhocal ann (e.g. bliain agus ceann) agus tá rialacha difriúla ag baint lena gcomhaireamh. Féachfaimid ar na rialacha a bhaineann leis an bhfocal bliain níos déanaí sa mhodúl seo.

Useful information 2: Cardinal numbers 2