Tá córas amháin ann sa Ghaeilge le rudaí a chomhaireamh agus córas eile chun daoine a chomhaireamh. Féachaimis ar an dara córas sin anois.
GaeilgeGanStro/Aonad02/EolasUsaideach2_01.mp3 duine amháin
GaeilgeGanStro/Aonad02/EolasUsaideach2_02.mp3 beirt
GaeilgeGanStro/Aonad02/EolasUsaideach2_03.mp3 triúr
GaeilgeGanStro/Aonad02/EolasUsaideach2_04.mp3 ceathrar
GaeilgeGanStro/Aonad02/EolasUsaideach2_05.mp3 cúigear
GaeilgeGanStro/Aonad02/EolasUsaideach2_06.mp3 seisear
GaeilgeGanStro/Aonad02/EolasUsaideach2_07.mp3 seachtar
GaeilgeGanStro/Aonad02/EolasUsaideach2_08.mp3 ochtar
Níl sé ceart an focal duine a úsáid tar éis na n‑uimhreacha pearsanta thuas. An Ghaeilge atá ar three people, cuir i gcás, ná triúr agus ní triúr daoine.
Bíonn ainmfhocail san uimhir iolra tar éis na n‑uimhreacha pearsanta de ghnáth:
GaeilgeGanStro/Aonad02/EolasUsaideach2_11.mp3 triúr buachaillí
GaeilgeGanStro/Aonad02/EolasUsaideach2_12.mp3 ceathrar deirfiúracha
GaeilgeGanStro/Aonad02/EolasUsaideach2_13.mp3 seisear cailíní