Listening and speaking A: Find

Feidhm teanga:
- eolas a thabhairt agus a lorg (ceisteanna a chur agus a fhreagairt)

Tá na daltaí ag imirt cluiche ina gcaithfidh siad daoine a aimsiú a bhfuil ráitis faoi leith fíor fúthu.
Laurence:A Suzanne, an bhfuil tú i do chónaí faoin tuath?
Suzanne:Tá. Cad fútsa?
Laurence:Tá mise i mo chónaí faoin tuath chomh maith.
Bogann Laurence ar aghaidh go dtí an chéad cheist eile.
A Emily, cé mhéad seomra leapa atá i do theach?
Emily:Ceithre cinn. Cé mhéad atá i do theachsa?
Laurence:Dhá cheann. Ceart go leor ... duine eile, mar sin ... A Shorcha, cé mhéad seomra leapa atá i do theachsa?
Sorcha:Trí cinn.
Laurence:Go hiontach. Anois, ceist a trí ... a Molly, an bhfuil tú i do chónaí i mbungaló?
Molly:Tá. An bhfuil tusa i do chónaí i mbungaló?
Laurence:Níl! Tá mé i mo chónaí i dteach dhá stór. Anois, a Nollaig, an bhfuil tú i do chónaí ...
Listening and speaking A: Find