Useful information 3: The word bliain

Féachaimis ar conas a athraíonn an focal bliain nuair a thagann uimhreacha éagsúla roimhe:

123‑67‑10
aon bhliain amháin dha bhliain trí bliana seacht mbliana
ceithre bliana ocht mbliana
cúig bliana naoi mbliana
sé bliana deich mbliana

Anois féachaimis ar an gcóras ó 11 ar aghaidh:

111213‑1617‑20
aon bhliain déag dhá bhliain déag trí bliana déag seacht mbliana déag
ceithre bliana déag ocht mbliana déag
cúig bliana déag naoi mbliana déag
sé bliana déag fiche bliain

Is féidir an córas céanna atá le fáil i gcolúin 2, 3 agus 4 thuas a úsáid i gcás aoiseanna eile chomh maith. Mar a fheiceann tú thíos, áfach, caithfidh tú córas rud beag difriúil a úsáid i gcás 21, 31, etc.

fiche bliain bliain is fiche dhá bhliain is fiche
tríocha bliain bliain is tríocha cúig bliana is tríocha
daichead bliain bliain is daichead seacht mbliana is daichead
caoga bliain bliain is caoga sé bliana is caoga
Useful information 3: The word bliain