Ábhar Samplach

Tá an Dianchúrsa Ullmhúcháin d’Agallamh Gaeilge an Ardteastais san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) dírithe orthu siúd a bheidh ag tabhairt faoin agallamh Gaeilge don Ardteastas san Oideachas (Bunmhúinteoireacht).

Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil do na rannpháirtithe a chuirfidh ar a gcumas:

  • tús maith a chur leis an agallamh, rud a chuirfidh ar a suaimhneas iad, agus a rachaidh i bhfeidhm ar na hagallóirí;
  • briathra a úsáid i gceart;
  • freagraí fada, ina bhfuil scoth na Gaeilge, a thabhairt ar cheisteanna a thagann chun cinn go minic san agallamh;
  • freagraí a thabhairt atá cruinn ó thaobh na gramadaí de;
  • sleachta próis a léamh gan deacracht;
  • úsáid a bhaint as an réimse leathan áiseanna Gaeilge atá ar fáil ar líne anois.

Tá ábhar ón gcúrsa críochnúil roghnaithe againn chun blaiseadh beag a thabhairt duit den chúrsa. San ábhar samplach seo, foghlaimeoidh tú faoi na rudaí seo a leanas:

  • tús an agallaimh;
  • conas briathra a úsáid i gceart;
  • cuid de na hábhair chainte a thagann chun cinn san agallamh;
  • roinnt rialacha gramadaí
  • scileanna léitheoireachta;
  • cuid de na háiseanna teicneolaíochta is úsáidí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Ábhar Samplach