Sylvester Stallone

Sylvester Stallone

Nod: na fuaimeanna ‘th’ agus ‘sh’ = ‘h’
Ní fhuaimnítear ‘fh’ in aon chor

Rugadh Sylvester Stallone ar an séú lá de mhí Iúil, 1946, i gceantar bocht in aice le Times Square i Nua-Eabhrac. Bhí a mháthair ag obair mar rinceoir i gclub oíche ag an am agus theastaigh óna athair a bheith ina amhránaí. Saolaíodh Stallone in ospidéal carthanachta agus nuair a bhí sé dhá bhliain d’aois cuireadh chuig teach lóistín i gceantar Queens é, áit ar thug bean eile aire dó. Ba pháiste uaigneach é a bhíodh tinn go minic agus ní fheiceadh sé a chuid tuismitheoirí ach ag an deireadh seachtaine. Chaith sé trí bliana ansin agus bhog sé leis an teaghlach go Silver Springs i 1951. ‘Bhí go leor deacrachtaí ag mo thuismitheoirí,’ arsa Stallone, ‘Níor réitigh siad go maith lena chéile agus ní raibh mórán suime acu ionamsa ná i mo dheartháir óg, Frank’.

Fuair a thuismitheoirí colscaradh óna chéile i 1957, d’imigh a mháthair agus fágadh Stallone lena athair. Níor chaith a athair go rómhaith leis. ‘Ní dúirt sé riamh go raibh sé bródúil asam. Deireadh sé, “Cén fáth nach féidir leat a bheith níos cliste? Cén fáth nach féidir leat a bheith níos láidre?”’ Faoin am a bhí sé cúig bliana déag d’aois, bhí Stallone tar éis freastal ar dhá scoil déag dhifriúla agus caitheadh amach é as an-chuid díobh. D’fhág sé Nua-Eabhrac ag an am sin agus bhog sé go Philadelphia chun cónaí lena mháthair agus lena leasathair. Thosaigh sé ag aisteoireacht roinnt blianta ina dhiaidh sin agus d’éirigh sé cáiliúil nuair a bhuaigh an scannán ‘Rocky’ Oscar sa bhliain 1976.

Tá dhá scannán is fiche déanta ag Stallone agus saothraíonn sé fiche milliún dollar as gach scannán a dhéanann sé anois. Tá sé tar éis go leor fadhbanna a bheith aige ina shaol pearsanta, áfach; theip ar a chéad phósadh i 1985 agus phós sé an t-aisteoir Brigitte Nielson an bhliain chéanna sin. Níor mhair an pósadh sin ach ocht mí dhéag, áfach. Anois tá sé pósta le Jennifer Flavin, mainicín ar bhuail sé léi naoi mbliana ó shin nuair nach raibh sí ach naoi mbliana déag d’aois. Chónaigh siad le chéile ar feadh trí bliana agus pósadh iad i Londain ar an seachtú lá déag de mhí na Bealtaine i mbliana.

Gluais:

ospidéal carthanachta : charity hospital

Níor réitigh siad go maith lena chéile: they didn’t get on well with each other

ní raibh mórán suime acu ionamsa ná i mo dheartháir: they weren’t very interested in me or my brother

colscaradh: divorce

bródúil: proud

bhog sé: he moved

leasathair: stepfather

saothraíonn sé: he earns

Níor mhair an pósadh sin ach: that marriage only lasted

mainicín: a model

Sylvester Stallone