blianta
Cuimhnigh ar na rialacha seo agus tú ag labhairt faoi d’aois, nó faoi aois daoine eile sa teaghlach:
2 | 3-6 | 7-10 | |
Bliain | bhliain | bliana | mbliana |
i agus in
Bí cúramach agus tú ag labhairt faoin áit a bhfuil tú i do chónaí. Ná déan dearmad go leanann urú i.
Seo iad na consain a thógann urú: b, c, d, f, g, p, t
Tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath.
Tá mé i mo chónaí i gCorcaigh.
Tá mé i mo chónaí i nDún na nGall.
Tá mé i mo chónaí i bhFear Manach.
Tá mé i mo chónaí i nGaillimh.
Tá mé i mo chónaí i bPort Láirge.
Tá mé i mo chónaí i dTeamhair.
Úsáidtear an fhoirm in roimh ghuta nó roimh fhuaim guta:
Tá mé i mo chónaí in Inis.
Tá mé i mo chónaí in Eochaill.
Tá mé i mo chónaí in Uíbh Fhailí.
cónaí
Bí cúramach agus tú ag labhairt faoin áit a bhfuil tú i do chónaí. Is ionann na rialacha a bhaineann le cónaí agus na cinn a bhaineann leis an aidiacht shealbhach:
Roimh chonsain | Roimh ghutaí | |||
1. | mo + séimhiú | mo dheartháir | m’ | m’uncail |
2. | do + séimhiú | do dheartháir | d’ | d’uncail |
3. | a (his) + séimhiú | a dheartháir | a (his) | a uncail |
4. | a (her) | a deartháir | a (her) + h | a huncail |
5. | ár + urú | ár ndeartháir | ár + urú | ár n-uncail |
6. | bhur + urú | bhur ndeartháir | bhur + urú | bhur n-uncail |
7. | a (their) + urú | a ndeartháir | a (their) + urú | a n-uncail |
Tá mé i mo chónaí.
Tá tú i do chónaí.
Tá sé ina chónaí.
Tá sí ina cónaí.
Táimid inár gcónaí.
Tá sibh in bhur gcónaí.
Tá siad ina gcónaí.