Tá bunachar sonraí de théarmaí Gaeilge cruthaithe ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus é ar fáil ag www.focal.ie. Tá beagnach 150,000 téarma Gaeilge agus breis is 140,000 téarma Béarla ann, mar aon le 6,000 téarma i dteangacha eile, agus iad inchuardaithe faoi na leaganacha Gaeilge agus Béarla.
Bunachar téarmaíochta is ea focal.ie. Ní gnáthfhoclóir é ina bhfaighfeá na focail a úsáidtear i ngnáthchomhrá ó lá go lá. Tá roinnt frásaí agus grúpaí focal ann ach ní bhfaighidh tú abairtí ann.
Le cois aistriúchán a thabhairt, tugtar eolas faoi ghramadach na bhfocal Gaeilge chomh maith. Má chuardaíonn tú an t-ainmfhocal ‘cinneadh’, mar shampla, tabharfar eolas duit faoi inscne an fhocail, an díochlaonadh ina bhfuil sé agus na foirmeacha atá i gceist sa ghinideach uatha, san ainmneach iolra agus sa ghinideach iolra:
cinneadh fir1
gu: cinnidh, ai: cinntí, gi: cinntí
Mura n-aimsítear an téarma a chuardaíonn tú, uaireanta déantar cinn atá cosúil leis a liostáil in aice leis na focail ‘Téarmaí cosúla • Similar terms’. Má chuardaíonn tú an focal ‘voted’, mar shampla, ní chuirfear aon torthaí ar fáil ach beidh an focal ‘vote’ le feiceáil in aice le ‘Téarmaí cosúla • Similar terms’.
Tá liostaí ag baint le go leor réimsí éagsúla le fáil ach cliceáil ar ‘Liostaí Aibítreacha • Alphabetical Listings’ ar leathanach baile focal.ie. Tá go leor de na liostaí sin bainteach leis na hábair a mhúintear sa bhunscoil agus sa mheánscoil.
Mura n-aimsíonn tú an téarma atá uait ar focal.ie, cuirtear an cheist seo ort: ‘Nár aimsigh tú a raibh uait?’ Cuirtear in iúl duit ansin cén chaoi ar féidir leat teacht ar an téarma trí scríobh chuig an gCoiste Téarmaíochta.
Tá Cúrsa Scileanna Foclóra forbartha ag focal.ie a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú leo siúd a úsáideann an suíomh an úsáid is fearr a bhaint as. Bain triail as cuid den chúrsa anois. Tá nasc chuige ag barr leathanach baile focal.ie nó is féidir teacht air trí chliceáil anseo.