Ag labhairt faoi do cheantar - ceisteanna agus freagraí samplacha

Scrúdaitheoir: Cé as tú, a Mháire?

Máire: Is as Dún Laoghaire mé. Is ansin a rugadh agus a tógadh mé agus tá mé i mo chónaí ann go fóill. Bhog mé amach as teach mo thuismitheoirí cúpla mí ó shin áfach agus tá mé ag roinnt árasáin le mo chara i lár an bhaile faoi láthair.

Is breá liom Dún Laoghaire mar áit chónaithe. Is baile é atá suite ar an gcósta, thart ar ocht míle ó lár na cathrach. Téann an DART tríd an mbaile agus ní thógann sé ach fiche is a cúig nóiméad ar an traein dul isteach go lár na cathrach. Tá áiseanna den scoth sa cheantar. Tá dhá ionad siopadóireachta, bainc, ionad aclaíochta, pictiúrlann, tithe tabhairne, bialanna agus siopaí do gach sórt ann. Chomh maith leis sin, tá Dún Laoghaire in aice na farraige agus is féidir dul ag siúl ar an gcé nó ag snámh i gCuas an Ghainimh atá cúpla nóiméad siar an bóthar ó Dhún Laoghaire.

Scrúdaitheoir: Cá bhfuil tú i do chónaí, a Helen?

Helen: Tá mé i mo chónaí i gCora Chaitlín i gContae an Chláir. Is ceantar tuaithe é. Tá idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí ag baint leis an áit.

Tá sé go deas ciúin, suaimhneach, agus tá an dúlra agus na radhairc mórthimpeall go hálainn ar fad.

Ach ar an drochuair, níl mórán áiseanna sa cheantar. Níl ann ach leabharlann, scoil, siopa grósaera agus oifig an phoist. Ar ndóigh, tá cúpla teach tábhairne ann chomh maith ina mbíonn ceol traidisiúnta le fáil ag an deireadh seachtaine. Níl seirbhís mhaith bus sa cheantar, ach tá an t-ádh liom; tá mo charr féin agam, agus is minic a théim go hInis nó go Luimneach chun siopadóireacht a dhéanamh, nó chun scannán a fheiceáil sa phictiúrlann.

Scrúdaitheoir: Cén fhad a thógann an turas chuig an obair gach lá, a Chóilín?

Cóilín: Tá mé ag obair i scoil i dtuaisceart na cathrach faoi láthair agus mar sin tiomáinim chuig an obair de ghnáth. Tógann sé timpeall daichead nóiméad ach má bhíonn an trácht an-trom tógann sé suas le huair an chloig. Bíonn orm an teach a fhágáil ar a hocht a chlog le bheith cinnte go mbeidh mé in am. Is crá croí é bheith gafa i dtrácht uaireanta ach éistim le ceol sa charr le linn an turais. B’fhearr liom bheith ábalta an traein a thógáil ach ar an drochuair ní théann an traein i ngar do m’áit oibre agus thógadh an bus uair go leith.

Scrúdaitheoir : Ar mhaith leat fanacht sa cheantar sin go fadtéarmach nó ar mhaith leat cónaí i gceantar eile, a Aoife?

Aoife: Bhuel, tá mo chlann agus mo chairde agus mo shaol ar fad ansin agus dá bhfaighinn post sa cheantar nó i ngar don cheantar ba bhreá liom fanacht ann. Tá forbairt mhór tar éis teacht ar an gceantar le deich mbliana anuas agus anois tá áiseanna den scoth le fáil ann. Tá aithne agam ar go leor daoine sa cheantar agus tá pobal láidir ann. Ba bhreá liomsa bheith páirteach sa phobal inar tógadh mé agus bheith ábalta mo chuid scileanna múinteoireachta a chur in úsáid i mo cheantar dúchais.

Ag labhairt faoi do cheantar - ceisteanna agus freagraí samplacha