Ag ullmhú do thús an agallaimh: ceisteanna agus freagraí samplacha

An tús ar fad
Agallóir: An bhfuil tú go maith?
Agallaí: Tá, go raibh maith agat. Agus tú / sibh féin?
Agallóir(í): Tá mé / Táimid go breá.
Agallóir: Cén chaoi a bhfuil tú? / Conas atá tú? / Cad é mar atá tú?
Agallaí: Go maith, go raibh maith agat. Agus tú / sibh féin?
Agallóir(í): Go breá.

An aimsir
Agallóir: Tá an lá go dona / go hainnis nach bhfuil?
Agallaí: Tá, tá sé an-fhuar / an-fhliuch.

Ainm
Agallóir: Cén t-ainm ata ort? / Cad is ainm duit?/ C’ainm atá ort?
Agallaí: Martina Ní Cheallaigh.

Ceantar dúchais agus áit chónaithe
Agallóir: Carb as duit? / Cé as thú? / Cad as tú?
Agallaí: As Port Láirge.
Agallóir: Agus cá bhfuil tú i do chónaí anois?
Agallaí: I nDomhnach Broc.

Do thuras
Agallóir: An raibh turas fada agat anseo?
Agallaí: Ní raibh.Tháinig mé anseo ar an mbus / ar an traein / ar an rothar.

Ag fanacht leis an agallamh
Agallóir: An bhfuil tú i bhfad ag fanacht taobh amuigh?
Agallaí: Níl mé anseo ach le leathuair a chloig.
Agalloír: Cén fhad ata tú ag fanacht taobh amuigh?
Agallaí: Le fiche nóiméad / le leathuair an chloig / le huair an chloig.

Ag ullmhú do thús an agallaimh: ceisteanna agus freagraí samplacha