An brabhsálaí Internet Explorer 8

Cé nach bhfuil leagan Gaeilge den bhrabhsálaí (browser) Internet Explorer ar fáil, is fiú go mór an leagan is deireanaí, IE8, a shuiteáil ar do ríomhaire. Is féidir an ríomhchlár IE8 a íoslódáil ón suíomh seo.

Tá na tabanna mar chuid an‑úsáideach de IE8. Is féidir na nithe seo a leanas a dhéanamh le húsáid éifeachtach a bhaint astu agus tú ag obair ar an idirlíon:

  1. Tabanna (tabs) éagsúla a úsáid sa dóigh is nach gcaithfidh tú a bheith ag dul ó fhuinneog go fuinneog. Leis seo a dhéanamh, téigh go ‘File’ ag barr na fuinneoige in IE8 agus roghnaigh ‘New Tab’. Is féidir leat é seo a dhéanamh freisin (i) trí chliceáil ar dheis (right-click) os cionn tab atá oscailte cheana féin agus ‘New tab’ a roghnú, (ii) trí chliceáil ar chlé ar an tab beag in aice le tab atá oscailte cheana nó (iii) tríd an eochair ‘Control’ a bhrú ar an méarchlár (keyboard), ansin an eochair ‘t’. Úsáidtear dathanna éagsúla chun tabanna a eagrú i ngrúpaí.
  2. Na tabanna a bheith réamhshocraithe agat sa dóigh is go n‑osclóidh siad ag an am céanna nuair a thosóidh tú IE8. Leis seo a dhéanamh, cliceáil ar an tsaighead bheag atá in aice leis an gcnaipe baile ar dheis ag barr na fuinneoige in IE8. Ansin, roghnaigh ‘Add or Change Home Page’ agus cuir tic le ‘Add this webpage to your home page tabs’ agus cliceáil ar ‘Yes’. Is féidir leat na leathanaigh go léir a úsáideann tú ar bhonn rialta a shábháil mar leathanaigh bhaile agus beidh siad os do chomhair amach gach uair a oslóidh tú IE8.
  3. Tabanna a dhúbailt (to duplicate) go héasca. Níl le déanamh agat ach cliceáil ar dheis os cionn tab áirithe agus ‘duplicate tab’ a roghnú. Chun an tab atá oscailte faoi láthair a dhúbailt, níl le déanamh agat ach ‘Control’ a bhrú ar an méarchlár agus ansin an eochair ‘k’.
  4. An t‑ord ina bhfuil tabanna a athrú. Chun tab a bhogadh ón áit ina bhfuil sé, cliceáil ar chlé air, coinnigh do mhéar ar an gcnaipe clé den luchóg agus iompair an tab go dtí an áit ar mian leat é a bheith.

An brabhsálaí Internet Explorer 8