Foinse agus The Irish Times

Foinse
Bunaíodh Foinse i mí Dheireadh Fómhar, 1996, le tacaíocht ó Bhord na Gaeilge. Tá oifigí an nuachtáin lonnaithe ar an gCeathrú Rua, i nGaeltacht Chonamara. Cuireann an fhoireann amach eagrán clóite agus ceann ar líne gach seachtain. Is nuachtán tablóideach daite 40 leathanach é Foinse a dhéanann clúdach cuimsitheach ar chúrsaí reatha, gnó, spórt, oideachas, litríocht agus ealaín, taisteal, cúrsaí sláinte, ceol agus cúrsaí teilifíse. Tá podchraoltaí le fáil ar shuíomh gréasáin Foinse chomh maith.

‘An Teanga Bheo’, ‘Beocheist’ agus ‘Tuarascáil’
Tá trí cholún sheachtainiúla i nGaeilge ag The Irish Times: ‘Beocheist’, a chuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil gach Máirt; ‘Tuarascáil’, a mbíonn eagarthóir Gaeilge an nuachtáin, Pól Ó Muirí, ina bhun gach Céadaoin; agus colún eile leis an scríbhneoir agus scoláire Alan Titley, a chuirtear i gcló gach Déardaoin. Tá teacht ar na trí cholún seo ar líne ag www.irishtimes.com.

Seo mar a thagann tú ar na haltanna a bhíonn i gcló sa nuachtán Dé Máirt agus Déardaoin:
Agus tú ar leathanach baile an nuachtáin, cliceáil ar ‘Today’s paper’, ansin, san fhuinneog a osclóidh, ar aon ‘T’ (Dé Máirt) nó ‘T’ (Déardaoin) ar an bhféilire faoi ‘Previous Editions’. Gheobhaidh tú alt Gaeilge an lae sin faoi ‘Features’ sa liosta altanna.

Chun teacht ar ‘Tuarascáil’, colún na Céadaoin, cliceáil ar aon ‘W’ ar an bhféilire faoi ‘Previous Editions’ agus feicfidh tú an colún Gaeilge ag bun liosta na n‑altanna, faoin teideal ‘An Teanga Bheo’.

Foinse agus The Irish Times