Beo!

Iris idirlín mhíosúil i nGaeilge is ea Beo! ar cuireadh tús léi i mí na Bealtaine 2001. Oideas Gael a fhoilsíonn an iris, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus tá sí saor in aisce.

Bíonn réimse leathan alt le fáil in Beo! gach mí agus iad roinnte de réir na rannóg seo: ‘Ar na Saolta Seo’ (cúrsaí reatha), ‘Teanga agus Cultúr’, ‘Cúrsaí Spóirt’, ‘Rannóg na bhFoghlaimeoirí’, ‘Cúinne na nEalaíon’ agus ‘Cúrsaí Teicneolaíochta’. Bíonn agallamh fada le duine éigin atá i mbéal an phobail le fáil i ngach eagrán freisin.

Is áis an‑úsáideach í cartlann na hirise. Is féidir ailt a aimsiú sa chartlann de réir údair, dáta, rannóige nó fo‑rannóige. Sa chéad ocht mbliana den iris (suas go dtí Aibreán 2009), cuireadh timpeall 2,000 alt i gcló in Beo! agus tá fáil orthu sin go léir ach iad a lorg sa chartlann.

Chun teacht ar inneall cuardaigh na hirise, cliceáil ar an bhfocal ‘Cuardaigh’ ag barr an leathanaigh baile. Más dalta scoile nó mac léinn tú, mar shampla, a bhfuil aiste le déanamh aige ar chúrsaí comhshaoil, aimseoidh tú na hailt go léir ina raibh tagairt don topaic sin ach an focal ‘comhshaol’ a chuardach, mar aon leis an bhfocal ‘comhshaoil’ (foirm an ghinidigh den ainmfhocal).

Tá an t‑inneall cuardaigh áisiúil agus tú ag iarraidh focal nó focail a fheiceáil i gcomhthéacs chomh maith. Abair nach bhfuil tú cinnte cé acu a leanann an tuiseal ginideach an focal ‘murach’ nó nach leanann, déan é a chlóscríobh i mbearna an innill cuardaigh agus cuirfear liosta ar fáil duit de na hailt in Beo! inar úsáideach é. Feicfidh tú é seo san alt ‘Ar thóir an ghrá - ar líne!’, cuir i gcás:

‘Ach murach an t‑idirlíon, ní chasfaí ar a chéile muid ar chor ar bith. '

Léiríonn an sampla sin nach leanann an tuiseal ginideach an focal ‘murach’.

Tá gluais ag dul le gach alt chun cabhrú leis an an bhfoghlaimeoir é a léamh. Chun aistriúchán go Béarla a fháil ar fhocal nó ar fhrása a bhfuil líne faoi, níl le déanamh agat ach do luchóg a bhogadh go dtí go mbeidh an pointeoir (pointer) os a chionn.

Rannóg na Múinteoirí ar cheann de na rannóga úsáideacha eile atá in Beo!. Tá roinnt alt le fáil sa rannóg seo a bhí i gcló san iris agus iad curtha in oiriúint don seomra ranga. Tá siad dírithe ar mhúinteoirí atá ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta i ranganna ag an meán- agus ag an ardleibhéal ach bheidís úsáideach freisin do mhúinteoirí meánscoile atá ag plé leis na ranganna sinsearacha.

Tá clár plé in Beo! chomh maith a thugann deis do dhaoine a gcuid tuairimí a nochtadh faoi ábhar na hirise nó faoi scéalta atá i mbéal an phobail.

Beo!