Google Book Search

Tá go leor leabhar Gaeilge le fáil in Google Book Search. Scríobh na focail ‘Irish language’ isteach sa bhearna ar leathanach baile Google Book Search, mar shampla, agus cuirfear ar fáil liosta leabhar i nGaeilge agus faoin nGaeilge duit.

Tá Google tar éis na mílte leabhar atá saor ó chóipcheart a scanadh agus tá cinn faoin nGaeilge ina measc. In Google Book Search, is féidir leat leagan iomlán de leabhair áirithe a aimsiú (’Full View’) nó sleachta as leabhair (’Limited view’). Is seanleabhair i mBéarla na cinn faoin nGaeilge atá le fáil ina n‑iomláine agus tá siad seo ina measc:

A grammar of the Irish language le John O’Donovan, ó 1845
An introduction to the Irish language‎ in three parts le William Neilson, ó 1845 freisin
A Grammar of the Iberno‑Celtic, Or Irish Language le Charles Vallancey, ó 1782

I measc na leabhar a bhfuil sleachta díobh le feiceáil, tá na cinn seo:

The Irish language in Ireland le Diarmait Mac Giolla Chríost, ó 2005
The death of the Irish language: a qualified obituary‎ le Reg Hindley, ó 1991
Speaking Irish: An Ghaeilge Bheo: Take Your Language Skills Beyond Basics‎ le Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn, ó 2007

Is féidir leat PDF de na leabhair atá ar fáil ina n‑iomláine a íoslódáil go dtí do ríomhaire.

Google Book Search