An Foclóir Beag

Is foclóir Gaeilge - Gaeilge ar líne é An Foclóir Beag ach tá neart eolais ann faoi ghnéithe éagsúla den ghramadach, na cinn a luaitear thíos ina measc:

• Ainmfhocail
Tugtar inscne agus sainmhíniú i nGaeilge; an tuiseal ainmneach uatha agus iolra; an tuiseal ginideach uatha agus iolra. Chun níos mó eolais a fháil faoin ainmfhocal ‘baintreach’, mar shampla, clóscríobh an focal sin isteach sa bhearna agus brúigh ‘Cuardaigh’.

• Aidiachtaí
Tugtar ainmneach uatha agus iolra; ginideach uatha, firinscneach agus baininscneach; ginideach iolra; breischéim agus sárchéim. Chun níos mó eolais a fháil faoin aidiacht ‘álainn’, mar shampla, clóscríobh an focal sin isteach sa bhearna agus brúigh ‘Cuardaigh’.

• Briathra
Tugtar na haimsirí agus na modhanna ar fad; an briathar saor; an t‑ainm briathartha; an aidiacht bhriathartha; foirmeacha diúltacha agus ceisteacha. Chun níos mó eolais a fháil faoin mbriathar ‘foghlaim’, mar shampla, clóscríobh an focal sin isteach sa bhearna agus brúigh ‘Cuardaigh’.
Tábhachtach: Ní mór duit fréamh an bhriathair sa Ghaeilge (an dara pearsa, uimhir uatha) a bheith ar eolas agat chun foirmeacha an bhriathair a aimsiú.

• Réamhfhocail shimplí agus forainmneacha réamhfhoclacha
Ar an drochuair, tá na pearsana éagsúla measctha trína chéile i gcás na bhforainmneacha réamhfhoclacha, mar sin, bí cúramach agus tú ag iarraidh eolas a aimsiú. Chun eolas a fháil maidir le húsáid an réamhfhocail ‘de’ agus na foirmeacha atá i gceist sna pearsana éagsúla, mar shampla, clóscríobh an focal sin isteach sa bhearna agus brúigh ‘Cuardaigh’.

• Réimíreanna (e.g. neamh-)
Tugtar samplaí d’úsáid na réimíreanna éagsúla. Cuir isteach an réimír ‘neamh-’ sa bhearna, mar shampla, agus brúigh ‘Cuardaigh’. Brúigh ‘neamh-aistear’ ansin agus lean ar aghaidh go deireadh an liosta.

Nóta: Ní gá duit an seoladh/URL don Fhoclóir Beag a bheith ar eolas agat – níl le déanamh agat ach na focail ‘foclóir beag’ a chlóscríobh isteach in Google agus ‘Search’ a bhrú chun é a aimsiú.

Bainimis triail as cúpla cleachtadh anois ...

An Foclóir Beag