IATE

Is éard atá in IATE (Inter-Active Terminology for Europe) ná bunachar téarmaíochta idir‑institiúideach de chuid an Aontais Eorpaigh. Bunaíodh an bunachar in 2004 chun téarmaí a bhaineann leis an AE i dteangacha na mballstát a bhailiú, a bhainistiú agus a chur ar fáil do na hinstitúidí éagsúla agus don phobal. Cuireadh ar fáil go poiblí é i Meitheamh 2007 agus téarmaíocht ann i 23 theanga.

Chuir Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, tús le tionscadal LEX (2008-2010) le maoiniú ón Roinn Gnóthaí, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i mí Eanáir, 2008. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo líon na dtéarmaí Gaeilge a mhéadú sna blianta atá romhainn. Nuair a thosaigh an tionscadal ní raibh ach 13,427 téarma Gaeilge i mbunachar IATE as líon iomlán 8.7m. An sprioc atá ag Fiontar ná líon na dtéarmaí Gaeilge a mhéadú go suntasach thar thréimhse 3 bliana.

Beidh na téarmaí in IATE úsáideach go háirithe do dhlíodóirí, do na Cúirteanna, don Gharda Síochána agus d’aistritheoirí. Beidh an tionscadal seo ina acmhainn do theagascóirí agus do mhic léinn dlí in institiúidí éagsúla.

Féachaimis ar an suíomh anois.

Téigh go dtí leathanach baile an tsuímh. An chéad rud ba cheart duit a dhéanamh ná do shainroghanna pearsanta a shocrú. Cliceáil ar ‘My search preferences’ ag barr an leathanaigh agus, sa leathanach a osclóidh, faoi ‘Source languages’, cuir tic sa bhosca roimh ‘en - English’. Faoi ‘Target Languages’, roghnaigh an Ghaeilge trí tic a chur sa bhosca atá roimh ‘ga’. Brúigh ‘Save’ ansin. Tá do shainroghanna pearsanta socraithe anois.

Chun dul ar ais go dtí an leathanach baile agus téarma eile a lorg, cliceáil ar ‘Search Screen’ ag barr an leathanaigh, ar dheis.

IATE