Easy Irish! / Scáthléitheoireacht

Is cúrsa Gaeilge ag an meánleibhéal é Easy Irish! a chuir RTÉ ar fáil saor in aisce leis an RTE Guide le linn Sheachtain na Gaeilge in 2008. Tá an t‑ábhar a bhí le fáil ar an dlúthdhiosca agus san fhorlíonadh a foilsíodh san RTE Guide le fáil ar shuíomh gréasáin RTÉ. Is é Éamonn Ó Dónaill ó Ghaelchultúr a scríobh an cúrsa gearr seo, atá dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta.

Tá sé aonad ar fad sa chúrsa agus tá trí chomhrá le fáil i ngach aonad. Is féidir an comhad fuaime de gach aonad a íoslódáil go dtí do ríomhaire. Tá script na gcomhráite, mar aon le haistriúchán go Béarla, curtha ar fáil ar shuíomh RTÉ. Teanga nádúrtha, laethúil atá le fáil sna comhráite.

Tá ceithre cheacht i ngach aonad agus tá dhá cheann acu seo le fáil ar an taifeadadh. Arís, tugtar script na gceachtanna seo, mar aon le freagraí, ar an suíomh.

Tá áis mar Easy Irish an‑úsáideach don fhoghlaimeoir ar mian leis triail a bhaint as teicníc ar dtugtar scáthléitheoireacht (shadow reading). Más mian leat triail a bhaint as an teicníc seo, téigh go ceann d’aonaid an chúrsa, abair Aonad 1. Éist le ceann de na comhráite agus, nuair a bheidh tú eolach air, abair na focail leis an duine ar an taifeadadh, gan an taifeadadh a stopadh. Cabhróidh an teicníc seo leatsa, nó le do chuid foghlaimeoirí, más múinteoir thú, fuaimeanna agus rithim na teanga a fhoghlaim.

Is féidir scáthléitheoireacht a dhéanamh i gcás aon phíosa éisteachta a bhfuil script ag dul leis.

Easy Irish! / Scáthléitheoireacht