Tá an cúrsa samhraidh seo ar líne, ar fiú 3 lá EPV é, dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh naíonáin shóisearacha agus/nó shinsearacha. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga. Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann. Cé go molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, tá cead agat Béarla a úsáid más gá.
Ar mhaith leat 3 lá EPV a thuilleamh agus do chuid scileanna Gaeilge agus múinteoireachta a shaibhriú ag an am céanna? Is fiú 3 lá EPV na cúrsaí seo. Ní hamháin sin ach tugtar síntiús blianitiúil duit ar Ranganna.com, suíomh ríomhfhoghlama Gaelchultúr agus an áit is fearr leis an nGaeilge a fhoghlaim ar líne. Mura bhfuil tú sásta le do chúrsa EPV, gheobhaidh tú aisíocaíocht iomlán! Sin cé chomh muiníneach is atá muid go rachaidh na cúrsaí seo chun sochair duit.*
Is iad príomhchuspóirí an chúrsa ná:
Tábhachtach: Cé go bhfuil go leor samplaí de ghníomhaíochtaí cainte tugtha sa chúrsa agus go bhfuil go leor smaointe praiticiúla do ghníomhaíochtaí den chineál seo le fáil i bhfóram an chúrsa, is cúrsa teanga go príomha é ‘Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile’ seachas cúrsa modheolaíochta.
*Má fhaigheann tú aisíocaíocht ar an gcúrsa ní bheidh tú i dteideal laethanta EPV a éileamh trí GhaelchultúrIs í Siobhán Patten a scríobh ábhar an chúrsa seo. Is as Acaill, Contae Mhaigh Eo, ó dhúchas í Siobhán. Chaith sí roinnt mhaith blianta ag obair mar mhúinteoir bunscoile sular fhostaigh Gaelchultúr í, mar oiliúnóir i dtús báire agus mar Bhainisteoir Sainchúrsaí ina dhiaidh sin.
Tá taithí leitheadach ag Siobhán ar shiollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta a fhorbairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge d’aoiseanna éagsúla agus ag leibhéil éagsúla cumais.
D’fhoilsigh Gaelchultúr a céad leabhar, Gníomhaíochtaí Gasta, in 2013. Tá 60 gníomhaíocht chumarsáide sa leabhar seo, atá dírithe ar mhúinteoirí atá ag plé le ranganna 3–6 i scoileanna T1 agus T2 araon.
Tá cúig mhodúl sa chúrsa seo agus tá meascán de mhíniúchán, de stór focal úsáideach, de chomhráite agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu.
Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat, is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil agus tabharfar scór duit.
Ag tús gach modúil, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu sa mhodúl sin.
Chun bogadh ó scáileán go scáileán, níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada ‘Ar aghaidh’ ar thaobh na láimhe clé (le dul siar) nó ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile sa mhodúl.
Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat sa mhodúl agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad mhodúl eile, an modúl a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.
Cuirfear fóram ar fáil don chúrsa Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile. Is ar an bhfóram seo a thabharfaidh na múinteoirí freagra ar an gceist idirghníomhach ag deireadh gach modúil agus ar an gceist athmhachnamhach ag deireadh an chúrsa ar fad.
Lena chois sin, beidh deis acu siúd a bheidh cláraithe don chúrsa dul i dteagmháil leis na múinteoirí eile ar an bhfóram. Beidh siad in ann teachtaireachtaí a sheoladh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh.
Tá ceachtanna idirghníomhacha le déanamh i ngach modúl, agus nuair a bheidh ceacht déanta, is féidir an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cé go dtabharfar scór duit, is ceachtanna neamh-mheasúnaithe iad na ceachtanna seo; an aidhm atá leo ná idirghníomhaíocht an úsáideora le hábhar an chúrsa a spreagadh, agus deis a thabhairt dó an méid atá foghlamtha aige a chleachtadh.
Tá rannpháirtíocht i bhfóram díospóireachta ar líne mar chuid éigeantach de gach modúl. Ní mór duit páirt a ghlacadh san fhóram seo trí smaointe a mhalartú leis na múinteoirí eile agus tascanna scríofa a dhéanamh.
Ag deireadh an chúrsa, tá ceist athmhachnamhach le freagairt. Cinnteoidh an cheist seo go ndeachaigh tú i ngleic le hábhar an chúrsa, agus tabharfaidh sé deis duit machnamh a dhéanamh ar chur chun feidhme ábhar an chúrsa sa seomra ranga.
Beidh measúnú ar do chuid oibre bunaithe den chuid is mó ar chaighdeán do chuid oibre scríofa, ach coimeádfar taifead den mhéid ama a bheidh caite agat ag obair ar an gcúrsa chomh maith.
Ní mór an cúrsa a dhéanamh idir 4 Iúil 2022 agus 19 Lúnasa 2022 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.
De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, tabharfar trí lá EPV do rannpháirtithe a chríochnóidh cúrsa amháin ar líne, ceithre lá EPV dóibhsean a chríochnóidh dhá chúrsa ar líne agus cúig lá EPV dóibh siúd a chríochnóidh trí chúrsa ar líne.
Anois díreach!
Am ar bith ó thús mhí Iúil ar aghaidh. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 4 Iúil 2022 agus 19 Lúnasa 2022 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh.
Faoi 19 Lúnasa 2022. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 4 Iúil 2022 agus 19 Lúnasa 2022 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.
Beidh ort ábhar an mhodúil a léamh agus tabhairt faoi na cleachtaí idirghníomhacha go léir.
Nuair a bheidh an méid sin déanta agat, beidh ort an cheist idirghníomhach ag deireadh an mhodúil a fhreagairt ar fhóram an chúrsa.
Is gá ar a laghad trácht amháin a dhéanamh in aghaidh an mhodúil ar an bhfóram nach freagra é ar cheist idirghníomhach.
Ag deireadh an chúrsa ar fad, ní mór duit an cheist athmhachnamhach a fhreagairt. Arís, beidh ort do fhreagra a chur ar an bhfóram.
Timpeall 20 uair an chloig.
Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.
Ní bheidh. Molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, ach tá cead agat Béarla a úsáid más gá.
Is féidir an chuid is mó de ranganna.com a úsáid ar ghuthán cliste nó ar ríomhaire táibléid ach ní oibríonn ábhar ilmheán an tsuímh ar gach cineál gléis. B’fhearr duit, dá bhrí sin, triail a bhaint as aonad samplach den chúrsa a bhfuil sé i gceist agat tabhairt faoi ar an ngléas, sula gcuireann tú an cúrsa sin in áirithe.
Scríobh ar an bhfóram í nó scríobh chuig éascaitheoir an chúrsa.
Is féidir, cinnte! De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, tabharfar trí lá EPV do rannpháirtithe a chríochnóidh cúrsa amháin ar líne, ceithre lá EPV dóibhsean a chríochnóidh dhá chúrsa ar líne agus cúig lá EPV dóibh siúd a chríochnóidh trí chúrsa ar líne.
Beidh an cúrsa críochnaithe agat nuair a bheidh:
- timpeall 20 uair an chloig caite agat ag obair ar ábhar an chúrsa
- freagraí tugtha agat ar na cúig cheist idirghníomhacha agus ar an gceist athmhachnamhach
- trácht amháin déanta agat in aghaidh an mhodúil ar an bhfóram nach freagra é ar cheist idirghníomhach.
- éascaitheoir an chúrsa sásta go bhfuil caighdeán ard go leor ag baint le do chuid oibre.
Gheobhaidh tú do theastas agus taifead ar d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach taobh istigh de choicís ón am a chríochnóidh tú an cúrsa. Tógann sé tamaillín na freagraí a thiomsú, agus an teastas agus an taifead a ullmhú.
Fuair mé go leor smaointe ón gcúrsa, chomh maith le pictiúir agus cluichí deasa, a chabhróidh liom an Ghaeilge a mhúineadh go héifeachtach sa seomra ranga. - YF
Tá an-chuid cluichí ar taispeáint sa chúrsa seo agus is cinnte go n-úsáidfidh mé roinnt mhaith acu i rith na bliana chun an Ghaeilge a mhúineadh. Tá saibhreas iontach stór focal le feiceáil tríd an gcúrsa freisin. Tá moltaí sa chúrsa faoin tslí le gníomhaíochtaí taitneamhacha cainte a eagrú sa rang seachas foghlaim trí athrá. - MT
Tá cuid mhór smaointe sa chúrsa seo chun an Ghaeilge a theagasc ar bhealach suimiúil trí chluichí, comhrá agus obair bheirte. - CC