Baile

QuickGuide™ Irish Grammar

Cén cineál cúrsa é?

11 aonaid
20-25 uair an chloig
Cleachtaí idirghníomhacha
Foram pléite
Dátheangach

Réamhrá

Is cúrsa idirghníomhach é seo atá bunaithe ar an gcárta sracfhéachana den ainm céanna, QuickGuide Irish Grammar, atá ar díol ar siopa.ie. Sa chúrsa ar líne seo beidh tú in ann tabhairt faoi cheachtanna bunaithe ar ábhar an chárta agus beidh deis agat an méid atá foghlamtha agat uaidh a chleachtadh.

Tábhachtach: Is fearr staidéar a dhéanamh ar na rialacha gramadaí ar an gcárta sracfhéachana QuickGuide Irish Grammar sula dtugann tú faoi na ceachtanna sa chúrsa seo ar líne. Níl na rialacha gramadaí ar a bhfuil na ceachtanna bunaithe le fáil ach ar an gcárta amháin.

Tá sé mar aidhm ag QuickGuide Irish Grammar ar líne deis a thabhairt dóibh siúd a thabharfaidh faoin gcúrsa:

  • cleachtadh a dhéanamh ar chuid de na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge
  • tuiscint níos fearr a fháil ar na rialacha gramadaí trí iad a chur i bhfeidhm.

Údar

Is í Michelle Ryan a scríobh an cúrsa. Is iad Helen Hegarty agus Éamonn Ó Dónaill a chuir an t-ábhar in eagar.


Ábhar an chúrsa

Aonaid an chúrsa

Tá 11 aonad sa chúrsa agus tá gach ceann acu ag teacht leis an leathanach den uimhir chéanna sa chárta sracfhéachana QuickGuide Irish Grammar. Seo iad na gnéithe den ghramadach atá i gceist sna haonaid éagsúla:

  • Aonad 1: An Foclóir a Úsáid
  • Aonad 2: An tAlt agus Inscne Ainmfhocal • An Tuiseal Gairmeach
  • Aonad 3: An Tuiseal Ginideach, Uatha agus Iolra
  • Aonad 4: Deirí Ainmfhocal sa Tuiseal Ginideach • An Chopail Is
  • Aonad 5: Rialacha Ginearálta ag baint le Briathra • An Briathar Bí • Briathra Rialta
  • Aonad 6: Briathra Neamhrialta • An Modh Ordaitheach
  • Aonad 7: Foghraíocht agus Litriú • Míonna agus Laethanta • Suíomh agus Gluaiseacht • Na hAirde
  • Aonad 8: Aidiachtaí
  • Aonad 9: Uimhreacha
  • Aonad 10: Forainmneacha Pearsanta • Forainmneacha Réamhfhoclacha • Aidiachtaí Sealbhacha
  • Aonad 11: Réamhfhocail Shimplí • Réamhfhocail Shimplí agus an tAlt