Baile

Béaltriail gan Stró! - Cúrsa Ullmhúcháin do Bhéaltriail na hArdteiste

Cén cineál cúrsa é?

Réamhrá

Is cúrsa é seo dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoi Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta i mbliana (Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal). Tá an cúrsa seo ar fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, agus beidh foghlaimeoirí a thabharfaidh faoi ag obair leo féin, neamhspleách ar mhúinteoir.


Ábhar an chúrsa

Stór focal agus frásaí úsáideacha

Tá liostaí cuimsitheacha stór focal agus frásaí úsáideacha curtha ar fáil sa chúrsa a bhaineann leis na topaicí seo a leanas:

  • mo chúlra agus mo cheantar
  • mo theaghlach agus mo theach
  • an scoil, an ollscoil agus rás na bpointí
  • caitheamh aimsire (ceol, spórt, teicneolaíocht etc.)
  • an Ghaeilge agus an Ghaeltacht
  • laethanta saoire
  • post páirtaimseartha
  • comhrá sa mhodh coinníollach
  • fadhbanna sóisialta
  • cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí reatha
  • Covid-19.

Tá comhráite samplacha idir an scrúdaitheoir agus t-iarrthóir curtha ar fáil ann chomh maith.


An tsraith pictiúr

Tá stór focal agus frásaí úsáideacha a bhaineann go sonrach le gach sraith pictiúr atá ar an siollabas i mbliana le fáil sa chúrsa seo agus tá cur síos samplach ar gach sraith pictiúr curtha ar fáil. Tá an cur síos samplach ar gach sraith pictiúr an-chuimsitheach agus tá saibhreas teanga le fáil iontu, rud a chuideoidh le hiarrthóirí marcanna arda a bhaint amach sa chuid seo den bhéaltriail.


Eolas úsáideach

Mar aon leis an stór focal agus na ceisteanna/freagraí samplacha atá curtha ar fáil sa chúrsa, tá eolas breise ann agus réimse de chleachtaí idirghníomhacha atá bunaithe ar phointí tábhachtacha gramadaí a bhaineann le gach topaic cainte.


Comhaid fuaime

Chomh maith leis an ábhar scríofa atá sa chúrsa ar líne, tá comhaid fuaime le fáil tríd síos sa chúrsa agus, dá bhrí sin, is féidir leis na daltaí éisteacht chomh minic agus is mian leo leis na focail agus frásaí, rud a chuideoidh go mór leo fuaimniú na bhfrásaí a fhoghlaim.


Leaving cert irish oral béaltriail sraith pictiúr