Baile

Gramadach gan Stró! (Eagrán 3)

Cén cineál cúrsa é?

Réamhrá

Gramadach gan Stró! dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí agus cur lena saibhreas sa teanga. Tá an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd nach dtuigeann cúrsaí gramadaí de ghnáth agus a gcuireann rialacha casta mearbhall orthu. Tá béim láidir ar úsáid laethúil na Gaeilge agus eolas tugtha mar gheall ar na difríochtaí idir an rud a scríobhtar agus na leaganacha a bhíonn le cloisteáil sa chaint.

Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge; dírítear ar na gnéithe is lárnaí den ghramadach sin agus mínítear iad ar bhealach soiléir, gonta. Ní bhaintear úsáid as téarmaíocht chasta ach tugtar neart samplaí chun patrúin éagsúla a léiriú.

Tá ábhar breise san eagrán seo den chúrsa – dírítear ar roinnt gnéithe den ghramadach nach raibh aon eolas tugtha fúthu sna heagráin roimhe seo.

Údar

Is é Éamonn Ó Dónaill, duine de bhunaitheoirí Ghaelchultúir (www.gaelchultur.com) agus Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, a scríobh ábhar an chúrsa seo. Rinne Helen Hegarty eagarthóireacht ar Gramadach gan Stró! agus scríobh sí féin agus Aodh Ó Gallchóir ábhar breise agus cuid de chleachtaí an chúrsa fosta.


Ábhar an chúrsa

Tá cúig aonad is fiche ar fad sa chúrsa Gramadach gan Stró! agus tá míniúcháin ghramadaí, ceachtanna idirghníomhacha, alt tráthúil agus dea-scríofa, agus cora cainte úsáideacha i ngach ceann acu. Nuair a bheidh staidéar déanta agat ar an ábhar ar fad sa chúrsa agus nuair a bheidh na cleachtaí go léir déanta agat, is féidir leat triail a bhaint as an Scrúdú Ceannchúrsa, atá le fáil tar éis Aonad 25, chun an dul chun cinn atá déanta agat a mheas.

Aonaid an chúrsa

  • Aonad 1: Téarmaíocht na Gramadaí
  • Aonad 2: An tAinmfhocal 1 (An Tuiseal Ainmneach Uatha agus Iolra)
  • Aonad 3: Réamhfhocail Shimplí
  • Aonad 4: Réamhfhocail Shimplí agus an tAlt
  • Aonad 5: An tAinmfhocal 2 (An Tuiseal Gairmeach)
  • Aonad 6: An tAinmfhocal 3 (An Tuiseal Ginideach)
  • Aonad 7: An Aidiacht 1 (An Aidiacht san Uatha agus san Iolra)
  • Aonad 8: An Aidiacht 2 (An Aidiacht sa Tuiseal Ginideach)
  • Aonad 9: An Aidiacht 3 (Céimeanna Comparáide na hAidiachta)
  • Aonad 10: An Briathar 1 (An Modh Ordaitheach)
  • Aonad 11: An Briathar 2 (An Aimsir Chaite)
  • Aonad 12: Na Bunuimhreacha
  • Aonad 13: An Briathar 3 (An Aimsir Láithreach)
  • Aonad 14: Dátaí/Na hOrduimhreacha
  • Aonad 15: Suíomh, Gluaiseacht agus Am
  • Aonad 16: An Clásal Coibhneasta
  • Aonad 17: Na hUimhreacha Pearsanta
  • Aonad 18: An Briathar 4 (An Aimsir Fháistineach)
  • Aonad 19: Aidiachtaí Sealbhacha
  • Aonad 20: Na Forainmneacha Réamhfhoclacha
  • Aonad 21: An Chopail Is
  • Aonad 22: An Briathar 5 (An Modh Coinníollach/ agus )
  • Aonad 23: An Briathar 6 (An Briathar Saor)
  • Aonad 24: An tAinm Briathartha agus an Aidiacht Bhriathartha
  • Aonad 25: An Briathar 7 (An Aimsir Ghnáthchaite)

Treoir

  • Tá cúig aonad is fiche ar fad sa chúrsa Gramadach gan Stró! agus tá meascán de mhíniúchán agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu.
  • Tar éis duit roinnt rialacha gramadaí a léamh, bíonn deis agat ansin ceachtanna a dhéanamh bunaithe ar na rialacha sin.
  • Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bhíonn ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bhí ceart agat agus cad iad na freagraí a bhí mícheart agat, cuirtear na freagraí cearta ar fáil duit agus tugtar scór duit.
  • Ag tús gach aonaid, cuirtear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu san aonad sin.
  • Chun bogadh ó scáileán go scáileán níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada Right arrow ar thaobh na láimhe clé (le dul siar) nó ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile san aonad.
  • Tá alt le fáil i ngach aonad agus bíonn ort bearnaí a líonadh ann. Tá sé mar sprioc ag an ngníomhaíocht seo aird a tharraingt ar ghnéithe éagsúla de ghramadach na Gaeilge, cinn atá i gceist san aonad féin agus cinn atá le fáil in aonaid eile chomh maith. Tugann na sleachta seo deis duit an ghramadach a fheiceáil i gcomhthéacs, seachas as comhthéacs mar a tharlaíonn go minic i múineadh na gramadaí.
  • Nuair a bhíonn na bearnaí go léir in alt líonta agat, níl le déanamh agat ach Seol a bhrú agus cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bhí ceart agus mícheart agat. Má chliceálann tú ar an íocón mínítear an freagra duit.
  • Ag deireadh gach aonaid, tá deich gcor cainte le fáil sa rannóg Saibhreas na Gaeilge. Tar éis dó na habairtí úsáideacha seo a fhoghlaim, beidh deis ag an bhfoghlaimeoir tabhairt faoi chleachtaí atá bunaithe orthu.
  • Nuair a bheidh staidéar déanta agat ar an ábhar ar fad sa chúrsa agus na cleachtaí go léir déanta agat, bain triail ansin as an Scrúdú Ceannchúrsa, atá le fáil tar éis Aonad 25.
  • Ar an leathanach scoir, tugtar léargas duit ar an obair a bhíonn déanta agat san aonad agus tugtar scór iomlán duit. Tugtar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad aonad eile, an t-aonad a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.

An cúrsa a úsáid

  • Tá cúig aonad is fiche ar fad in Gramadach gan Stró! agus molaimid d’fhoghlaimeoirí staidéar a dhéanamh ar aonad amháin sa tseachtain. Ná téigh ar aghaidh go dtí aonad nua go dtí go mbeidh na cleachtaí ar fad in aonad déanta agat agus iad go léir ceart.
  • Ní leor triail a bhaint as na ceachtanna uair amháin – moltar duit iad a dhéanamh cúpla uair.
  • Nuair a bheidh staidéar déanta agat ar an ábhar ar fad sa chúrsa agus na cleachtaí go léir déanta agat, bain triail ansin as an Scrúdú Ceannchúrsa, atá le fáil tar éis Aonad 25.

Fóram

Tá fóram curtha ar fáil don chúrsa Gramadach gan Stró! agus tá deis acu siúd atá cláraithe don chúrsa teachtaireachtaí a sheoladh chuig an bhfóram agus plé a dhéanamh ar cheisteanna ag baint leis an ngramadach, aistriúchán, stór focal, etc.


Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.

Cad a dhéanfaidh mé má tá ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com nó glaoigh ar 1890 252 900 nó + 353 (0) 1 484 5220.