Tábhachtach: Ní bheidh rannpháirtithe an chúrsa seo i dteideal aon laethanta EPV a fháil ar chríochnú an chúrsa dóibh.Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge agus a bhíonn ag úsáid ríomhairí go rialta sa seomra ranga. Tugtar eolas ann mar gheall ar na háiseanna teicneolaíochta atá ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge, múinteoirí agus daltaí san áireamh. Tá an cúrsa praiticiúil seo oiriúnach do mhúinteoirí atá réasúnta eolach ar ríomhairí, mar aon leo siúd nach bhfuil mórán cur amach acu ar an teicneolaíocht. Cabhróidh sé le múinteoirí:
Faoi dheireadh an chúrsa seo, beidh múinteoirí i bhfad níos eolaí ar na háiseanna is tábhachtaí teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge, agus beidh siad in ann an méid a fhoghlaimeoidh siad a roinnt lena gcuid daltaí.
Tá ceachtanna idirghníomhacha gramadaí le fáil i ngach modúl chomh maith, rud a chabhróidh le múinteoirí cur lena gcuid scileanna scríofa i nGaeilge.
Is iad Cóilín Ó Floinn agus Éamonn Ó Dónaill a scríobh ábhar an chúrsa seo.
Tá cúig mhodúl sa chúrsa Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga agus tá comhairle agus eolas faoi acmhainní éagsúla teicneolaíochta don Ghaeilge, chomh maith le smaointe praiticiúla don seomra ranga, i gceist i ngach ceann acu. Tabhair faoi deara go bhfuil dhá leagan ann de Mhodúl 1: ceann atá oiriúnach do dhaoine a bhfuil Windows XP ar a ríomhaire agus ceann eile dóibh siúd a bhfuil Windows Vista acu.
Modúl 1 - Windows XP / Windows Vista
Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú conas:
- an córas oibre, teanga agus an méarchlár a shocrú ar do ríomhaire;
- Microsoft Word a shocrú don Ghaeilge;
- déanamh cinnte nach mbeidh I mór le fáil sa téacs agus tú ag clóscríobh i nGaeilge;
- an seiceálaí litrithe GaelSpell a chur ar do ríomhaire.
Gramadach: An modh ordaitheach
Modúl 2
Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú:
- conas úsáid a bhaint as an mbrabhsálaí IE 8;
- conas an brabhsálaí Firefox a úsáid trí mheán na Gaeilge;
- faoin bhfoireann ríomhchlár OpenOffice;
- Windows agus Office i nGaeilge.
Gramadach: Inscne an ainmfhocail
Modúl 3
Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú faoi:
- áiseanna úsáideacha Gaeilge ar an ngréasán;
- áiseanna úsáideacha Gaeilge ar an ngréasán do mhúinteoirí bunscoile.
Gramadach: Réamhfhocail shimplí
Modúl 4
Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú:
- faoi phacáistí ríomhaireachta agus leabhair úsáideacha;
- faoi shiopaí ar líne.
Gramadach: Suíomh, gluaiseacht agus am
Modúl 5
Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú conas:
- ábhar a chóipeáil ó shuíomh agus a ghreamú in Microsoft Word;
- ábhar a thaifeadadh ón idirlíon;
- úsáid a bhaint as Wikipedia le hailt a aimsiú a bheadh úsáideach do pháistí bunscoile;
- na píosaí sin a aistriú go Gaeilge agus a chur suas ar Vicipéid.
Gramadach: Dátaí / na horduimhreacha
Tá cúig mhodúl sa chúrsa Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga agus tá comhairle agus eolas faoi acmhainní éagsúla teicneolaíochta don Ghaeilge, chomh maith le smaointe praiticiúla don seomra ranga, i gceist i ngach ceann acu. Tá sprioc dhifriúil ag gach modúl, agus iarrtar ar an bhfoghlaimeoir ceachtanna bunaithe ar ábhar an mhodúil a dhéanamh.
Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil agus tabharfar scór duit.
Ag tús gach modúil, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu sa mhodúl sin.
Chun bogadh ó scáileán go scáileán, níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh) nó ar thaobh na láimhe clé (le dul chun siar). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile san aonad.
Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat sa mhodúl agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad mhodúl eile, an modúl a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.
Dírítear sa chúrsa seo ar Microsoft Windows, go háirithe i Modúl 1 agus i Modúl 2, rud a chiallaíonn nach bhfuil ábhar na modúl sin oiriúnach d’aon duine a úsáideann ríomhaire Mac. Bainfidh an té a úsáideann Mac an-tairbhe as an gcuid eile den chúrsa, áfach, seachas an rannóg ina ndírítear ar WinGléacht, ríomhchlár nach bhfuil ar fáil ach don PC amháin.
Ní gá go mbeadh ardscileanna ríomhaireachta ag duine chun tairbhe a bhaint as an gcúrsa praiticiúil seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil an cúrsa seo scríofa as Gaeilge - ní mór duit Gaeilge réasúnta maith a bheith agat chun ábhar an chúrsa a thuiscint. Ach ná bí róbhuartha - seachnaítear téarmaíocht chasta!
Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.
Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.