Baile

Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga - Scoilbhliain 2021 / 2022

Cén cineál cúrsa é?

Réamhrá

Tábhachtach: Ní bheidh rannpháirtithe an chúrsa seo i dteideal aon laethanta EPV a fháil ar chríochnú an chúrsa dóibh.
Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile ar mhaith leo níos mó a fhoghlaim faoi phrionsabail agus struchtúr ceachtanna an cur chuige cumarsáideach. I ngach modúl, déanfar dhá cheacht shamplacha bunaithe ar théamaí an churaclaim a chur i láthair, ag úsáid an chur chuige cumarsáide, a áiríonn na tréimhsí réamhchumarsáide, fíorchumarsáide agus iarchumarsáide.

Cé go molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, tá cead agat Béarla a úsáid más gá.

Is iad príomhchuspóirí an chúrsa ná:

  • go mbeidh tuiscint ag na múinteoirí ar mhodhanna múinte an churaclaim Gaeilge mar aon le prionsabail agus struchtúr ceachtanna an chur chuige cumarsáideach;
  • go mbeidh smaointe nua ag múinteoirí maidir le teagasc na Gaeilge agus go mbeidh siad in ann iad a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, chun feabhas a chur ar chaighdeán teagaisc na Gaeilge, chun suim a mhúscailt sa teanga agus chun cumas cumarsáide na ndaltaí a ardú;
  • go gcuirfear le scileanna múinteoireachta Gaeilge na múinteoirí agus go gcothófar muinín iontu an Ghaeilge a mhúineadh.

Údar

Is í Siobhán Patten a scríobh ábhar an chúrsa seo.



Treoir

Tá cúig mhodúl sa chúrsa seo agus tá meascán de cheachtanna samplacha, de ghníomhaíochtaí samplacha, de stór focal úsáideach, d’fhíseáin agus de chleachtaí i gceist i ngach ceann acu.

Tá na cleachtaí ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh cleachtadh déanta agat, is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil agus tabharfar scór duit.

Ag tús gach modúil, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu sa mhodúl sin.

Chun bogadh ó scáileán go scáileán, níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada ‘Ar aghaidh’ ar thaobh na láimhe clé (le dul siar) nó ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile sa mhodúl.

Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat sa mhodúl agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad mhodúl eile, an modúl a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.



Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.

Cad a dhéanfaidh mé má tá ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com nó glaoigh ar 1890 252 900 nó + 353 (0) 1 484 5220.