Baile

Gaeilge gan Stró! - Meánleibhéal 1 (6 mhí)

Cén cineál cúrsa é?

Réamhrá

Gaeilge gan Stró! – Meánleibhéal 1 oiriúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tá deiseanna ag an bhfoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! – Meánleibhéal 1 cabhrú leo siúd a thabharfaidh faoin gcúrsa:

  • Gaeilge i bhfad níos líofa a bheith acu;
  • Gaeilge níos cruinne a bheith acu;
  • cur go mór lena stór focal;
  • cainteoirí as canúintí éagsúla a thuiscint;
  • cur lena scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta;
  • tuiscint a fháil ar ghnéithe éagsúla den ghramadach.

Údair

Is é Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, a scríobh an cúrsa, i gcomhar lena chomhghleacaithe Aoife Ní Chonchúir, Cóilín Ó Floinn agus Siobhán Patten.



Ábhar an chúrsa

Tá 15 aonad in Gaeilge gan Stró! - Meánleibhéal 1, agus tá gach ceann acu dírithe ar thopaic faoi leith. Seo iad na topaicí atá le fáil sa chúrsa:

  • Aonad 1: Cúlra agus Áit Chónaithe
  • Aonad 2: An Teaghlach
  • Aonad 3: An Teach
  • Aonad 4: An Saol Oibre
  • Aonad 5: Taisteal agus Laethanta Saoire
  • Aonad 6: Cúrsaí Oideachais
  • Aonad 7: Mo Stíl Mhaireachtála
  • Aonad 8: Bia agus Deoch
  • Aonad 9: Saol Laethúil agus Saol Sóisialta
  • Aonad 10: Siopadóireacht agus Cúrsaí Airgid
  • Aonad 11: Tréithe Daoine agus Mothúcháin
  • Aonad 12: Coinní agus Socruithe
  • Aonad 13: Teangacha
  • Aonad 14: Na Meáin Chumarsáide
  • Aonad 15: Labhairt faoin Am atá Romhainn

Ábhar na n-aonad

Tá na gnéithe seo a leanas le fáil i ngach aonad de Gaeilge gan Stró! - Meánleibhéal 1:

  • comhráite spraíúla;
  • taifeadtaí de na comhráite ar fad, agus de na focail agus abairtí nua go léir á mhúintear;
  • stór focal agus frásaí úsáideacha, a bhfuil baint acu le téama an aonaid;
  • ceachtanna gearra gramadaí ina mínítear na rialacha ar bhealach soiléir, gonta agus ina seachnaítear téarmaíocht chasta;
  • cleachtaí bunaithe ar an stór focal agus ar an ngramadach atá i gceist san aonad sin;
  • rólghlacadh idirghníomhach, a mbíonn deis ag an bhfoghlaimeoir páirt a ghlacadh ann;
  • alt as iris nó nuachtán, aistriúchán Béarla agus taifeadadh den alt;
  • físagallamh le cainteoir cumasach Gaeilge, ag labhairt faoi thopaic an aonaid, téacs an agallaimh agus aistriúchán Béarla.

Treoir

Treoir maidir le húsáid an chúrsa

Sílimid gurb é an bealach is fearr le teanga a fhoghlaim ná tríd an teanga sin; dá bhrí sin, tá na treoracha ar fad sa chúrsa seo as Gaeilge ach is féidir cliceáil ar an gcnaipe ‘Taispeáin Fotheidil’ / ‘Show subtitles’ atá ag barr na leathanach ar dheis chun teacht ar aistriúcháin Bhéarla. Is féidir cliceáil ar an gcomhartha suimithe in aice le haon abairt Ghaeilge chomh maith chun aistriúchán Béarla den abairt sin a fháil.

Tá na ceachtanna ar fad sa chúrsa idirghníomhach. Nuair a bhíonn ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bhí ceart agat agus cad iad na freagraí a bhí mícheart agat, cuirtear na freagraí cearta ar fáil duit agus tugtar scór duit.

Ag tús gach aonaid, cuirtear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu san aonad sin.

Chun bogadh ó scáileán go scáileán níl le déanamh agat ach an cnaipe Right arrow a bhrú, ar thaobh na láimhe deise, ag barr nó ag bun an scáileáin. Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail ‘PLEAN AN AONAID’ ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile san aonad.

Ar an leathanach scoir, tugtar léargas duit ar an obair atá déanta agat san aonad agus tugtar scór iomlán duit. Tugtar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad aonad eile, an t-aonad a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.

Fóram

Tá fóram curtha ar fáil don chúrsa Gaeilge gan Stró! - Meánleibhéal 1. Tá deis acu siúd atá cláraithe don chúrsa dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leo teachtaireachtaí a sheoladh chuig an bhfóram, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh.


Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.

Cad a dhéanfaidh mé má tá ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com nó glaoigh ar 1890 252 900 nó + 353 (0) 1 484 5220.