Baile

Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile - Scoilbhliain 2019 / 2020

Cén cineál cúrsa é?

Réamhrá

Tábhachtach: Ní bheidh rannpháirtithe an chúrsa seo i dteideal aon laethanta EPV a fháil ar chríochnú an chúrsa dóibh.
Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile a bhfuil caighdeán réasúnta maith gramadaí acu ach ar mian leo díriú ar na gnéithe den ghramadach atá níos dúshlánaí. Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge; leagtar béim ar chuid de na gnéithe is lárnaí den ghramadach sin, agus ar na gnéithe atá níos casta.

Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

Is iad príomhaidhmeanna an chúrsa ná:

  • cabhrú leis na múinteoirí feabhas a chur ar chaighdeán a gcuid gramadaí trí ghnéithe níos casta de ghramadach na teanga a mhíniú ar bhealach soiléir, sothuigthe;
  • aird na rannpháirtithe a tharraingt ar thábhacht an chruinnis agus iad a spreagadh leis an méid a fhoghlaimeoidh siad a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, rud a rachaidh chun sochair dóibh féin agus dá gcuid daltaí;
  • deis a thabhairt do na múinteoirí smaointe praiticiúla don seomra ranga a mhalartú lena chéile san fhóram díospóireachta.

Údair

Is é Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir agus duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, a scríobh ábhar an chúrsa seo. Rinne Lisa Madden eagarthóireacht ar Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile agus scríobh sí cuid de chleachtaí an chúrsa fosta.


Ábhar an chúrsa

Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge ach leagtar béim ar chuid de na gnéithe is lárnaí di agus ar ghnéithe atá níos casta.

Modúl 1

  • Cuid 1: An tAinmfhocal
  • Cuid 2: An Tuiseal Gairmeach agus an Tuiseal Ginideach

Modúl 2

  • Cuid 1: An Aidiacht 1
  • Cuid 2: An Aidiacht 2

Modúl 3

  • Cuid 1: Na Bunuimhreacha
  • Cuid 2: Na hUimhreacha Pearsanta / Dátaí agus Orduimhreacha

Modúl 4

  • Cuid 1: An Clásal Coibhneasta
  • Cuid 2: An tAinm Briathartha agus an Aidiacht Bhriathartha

Modúl 5

  • Cuid 1: An Chopail Is
  • Cuid 2: An Modh Coinníollach / Má agus Dá

Treoir

Leagan amach

Tá cúig mhodúl sa chúrsa Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile agus tá meascán de mhíniúchán agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu. Tar éis duit roinnt rialacha gramadaí a léamh, bíonn deis agat ceachtanna a dhéanamh bunaithe ar na rialacha sin.

Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil duit agus tabharfar scór duit.


Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.

Cad a dhéanfaidh mé má tá ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com nó glaoigh ar 1890 252 900 nó + 353 (0) 1 484 5220.