Baile

Acmhainní Cumarsáide don Rang Gaeilge Bunscoile - Scoilbhliain 2020 / 2021

Cén cineál cúrsa é?

Réamhrá

Tábhachtach: Ní bheidh rannpháirtithe an chúrsa seo i dteideal aon laethanta EPV a fháil ar chríochnú an chúrsa dóibh.
Tá an cúrsa seo ar líne dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh rang 3–6 agus tá sé bunaithe ar Gníomhaíochtaí Gasta, leabhar de ghníomhaíochtaí cumarsáide Gaeilge don mhúinteoir bunscoile. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí ar mhaith leo níos mó a fhoghlaim faoi phrionsabail agus struchtúr ceachtanna cumarsáideacha. I ngach modúl, cuirtear i láthair ceachtanna samplacha atá bunaithe ar cheann de na téamaí 6-10 sa churaclam bunscoile. Tá béim láidir ar an gcur chuige cumarsáideach sna ceachtanna seo, agus tá na tréimhsí réamhchumarsáide, fíorchumarsáide agus iarchumarsáide i gceist i ngach ceann acu.

Is iad príomhchuspóirí an chúrsa ná:

  • tuiscint a thabhairt do mhúinteoirí ar mhodhanna múinte an churaclaim Gaeilge, mar aon le prionsabail agus struchtúr ceachtanna cumarsáideacha;
  • smaointe nua a thabhairt do mhúinteoirí maidir le teagasc na Gaeilge a bheidh siad in ann iad a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, chun feabhas a chur ar chaighdeán teagaisc na Gaeilge, chun suim a mhúscailt sa teanga agus chun cur le cumas cumarsáide na ndaltaí;
  • cur le scileanna múinteoireachta Gaeilge na múinteoirí agus lena muinín maidir le múineadh na teanga;
  • an stór focal agus an ghramadach is lárnaí a bhaineann le téamaí 6-10 den churaclam a mhúineadh trí ghníomhaíochtaí taitneamhacha idirghníomhacha;
  • deis a thabhairt do mhúinteoirí a gcuid scileanna éisteachta agus labhartha a fhorbairt trí bheith ag éisteacht le comhaid fuaime atá dírithe ar theanga na gceachtanna cumarsáide, rud a chuirfidh feabhas ar a gcuid scileanna teagaisc;
  • comhairle a chur ar na rannpháirtithe i dtaca le féinmheastóireacht scoile agus feabhsú scoile.

Údar

Is í Siobhán Patten a scríobh ábhar an chúrsa seo. Is as Acaill, Contae Mhaigh Eo, ó dhúchas í Siobhán. Chaith sí roinnt mhaith blianta ag obair mar mhúinteoir bunscoile sular fhostaigh Gaelchultúr í, mar oiliúnóir i dtús báire agus mar Bhainisteoir Sainchúrsaí ina dhiaidh sin.

Tá taithí leitheadach ag Siobhán ar shiollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta a fhorbairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge d’aoiseanna éagsúla agus ag leibhéil éagsúla cumais.

D’fhoilsigh Gaelchultúr a céad leabhar, Gníomhaíochtaí Gasta, in 2013. Tá 60 gníomhaíocht chumarsáide sa leabhar seo, atá dírithe ar mhúinteoirí atá ag plé le ranganna 3–6 i scoileanna T1 agus T2 araon.



Ábhar an chúrsa

Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge ach leagtar béim ar na gnéithe is lárnaí di agus ar nithe a thagann chun cinn go minic sa seomra ranga.

Modúl 1

  • Cuid 1: An tAinmfhocal 1
  • Cuid 2: An tAinmfhocal 2

Modúl 2

  • Cuid 1: An Tuiseal Gairmeach
  • Cuid 2: Na hUimhreacha

Modúl 3

  • Cuid 1: An Aidiacht 1
  • Cuid 2: An Aidiacht 2

Modúl 4

  • Cuid 1: An Aimsir Láithreach
  • Cuid 2: An Aimsir Fháistineach

Modúl 5

  • Cuid 1: An tAinm Briathartha agus an Aidiacht Bhriathartha
  • Cuid 2: Áiseanna ar líne

Treoir

Leagan amach

Tá cúig mhodúl sa chúrsa Meánchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile agus tá meascán de mhíniúchán agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu. Tar éis duit roinnt rialacha gramadaí a léamh, bíonn deis agat ceachtanna a dhéanamh bunaithe ar na rialacha sin.

Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil duit agus tabharfar scór duit.


Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.

Cad a dhéanfaidh mé má tá ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com nó glaoigh ar 1890 252 900 nó + 353 (0) 1 484 5220.