| Bail ó Dhia oraibh, An coibhneas díreach nó indíreach a leanann ‘is amhlaidh’? An é ‘is amhlaidh a chuir’ nó ‘is amhlaidh gur chuir’ atá ceart? ‘Is amhlaidh atá/a bhí’ nó ‘is amhlaidh go bhfuil/go raibh’? Coibhneas indíreach a bhíonn agamsa tar éis ‘is amhlaidh’ i gcónaí ach tá dealramh leis an gcoibhneas díreach, leis. Tá focail éagsúla sa teanga agus is féidir coibhneas díreach nó indíreach a úsáid ina ndiaidh. B’fhéidir go bhfuil an focal ‘amhlaidh’ amhlaidh leo. Mo bheannacht chugaibh, Fiachra.
 |