dom féin/dom fhéin?????

Teachtaireachtaí

freagair » dom féin/dom fhéin?????

Ta an cheist seo i gcónaí ar m’intinn, cad é an bealach ceart chun é seo a rá? Gan fhios dom fhéin/féin, an bhfuil sé dom féin, do fhéin, di féin.....daoibh fein??

red 3162
27/08/2010 16:13:21
freagair » RE: dom féin/dom fhéin?????

Scríobhtar ‘dom féin’, ach is mar seo a fhuaimnítear é: ‘dom fhéin’.

‘Domh’ a deirtear i gceantair áirithe i nDún na nGall, agus is mar seo a fhuaimnítear é: [du:].

Ádh mór,

Helen
Gaelchultúr

Riarthóir 7
27/08/2010 18:13:01
freagair » Saibhreas na Gaeilge

Measaim go mbeadh se suimiul da mbeadh clar ann leis na habairti o Shaibhreas na Gaeilge. Da mbeadh an freagra i gceart agat, ghlanofar an cheist sin on gcleacht. Ach da mbeadh rud eigin micheart, bheadh an cheist sin le feiceail aris. Measaim go bhfuil Saibhreas na Gaeilge an-aisiul agus b’fhiu cleacht mar sin a dheanamh - ni bheadh se ro-dheacair dar liom an chlar a scriobh.

[OrnaCollins] 4207
10/11/2011 10:30:27