Conversations A and B

Comhrá A

Tá Siobhán agus Colm ag an gcóisir chéanna ach níl aon aithne acu ar a chéile.
Siobhán:Cén chaoi a bhfuil tú? Is mise Siobhán. Cén t‑ainm atá ortsa?
Colm:Colm. Cé as tú, a Shiobhán?
Siobhán:Is as Caisleán an Bharraigh ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath anois le beagnach cúig bliana anuas. Cé as tú féin?
Colm:As Dún Dealgan. Rugadh agus tógadh ansin mé ach bhog mé go Maigh Nuad nuair a bhí mé ocht mbliana déag le freastal ar an ollscoil agus tá mé i mo chónaí ansin ó shin.
Siobhán:Tá Maigh Nuad an‑chóngarach do Bhaile Átha Cliath, nach bhfuil?
Colm:Tá. Ní thógann an turas go dtí an chathair ach leathuair an chloig ar an traein.
Siobhán:Tá sé sin an‑áisiúil.

Comhrá B

Tá Gearóidín tar éis bualadh isteach chuig eagraíocht Ghaeilge i nGaillimh chun clárú do chúrsa teanga oíche dá gcuid.
Gearóidín:Dia duit.
Diarmuid:Dia is Muire duit.
Gearóidín:Tá mé anseo le clárú do chúrsa.
Diarmuid:Ceart go leor. Cén rang a bhfuil suim agat ann?
Gearóidín:Meánrang 2, oíche Déardaoin. An bhfuil áiteanna fós ar fáil sa rang?
Diarmuid:Tá, cinnte. Tógfaidh mé do chuid sonraí. Cén t‑ainm atá ort?
Gearóidín:Gearóidín Ní Laighin.
Diarmuid:Agus cén seoladh atá agat?
Gearóidín:25 Faiche an Choláiste, Gaillimh.
Diarmuid:Go raibh maith agat. An as Gaillimh tú féin ó dhúchas?
Gearóidín:Ní hea. Is as Ros Comáin mé ach tá mé i mo chónaí anseo i nGaillimh le cúig bliana anois.
Conversations A and B