Bain triail as an ngníomhaíocht seo anois go bhfeice tú an bhfuil na frásaí is tábhachtaí a múineadh in Aonad 1 ar eolas agat. Cliceáil ar an íocón os comhair gach abairte le feiceáil an bhfuil do fhreagra ceart.
Have a go at this activity now to see if you know the most important phrases taught in Unit 1. Click on the icon in front of each sentence to see if your answer is correct.
Conas mar a déarfá na nithe seo i nGaeilge?
How would you say the following in Irish?
1. What’s your name?
Cén t-ainm atá ort?
2. I’m Siobhán. What’s
your name?
Is mise Siobhán. Cén t-ainm atá ortsa?
3. I was born and raised there.
Rugadh agus tógadh ansin mé.
4. I’m originally from Dublin.
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas mé.
5. I’m from Roscommon but I’ve been living here in Galway now for five years.
Is as Ros Comáin mé ach tá mé i mo chónaí anseo i nGaillimh le cúig bliana anois.
6. Is she Spanish? No.
An Spáinneach í? Ní hea.
7. She was born and raised in Rome but she moved here ten years ago.
Rugadh agus tógadh sa Róimh í ach bhog sí anseo deich mbliana ó shin.
8. I’ll introduce her to you.
Cuirfidh mé in aithne duit í.
9. It’s nice to meet you.
Tá sé go deas bualadh leat.
10. It’s nice to meet you. (more than one person)
Tá sé go deas bualadh libh.
11. This is Colm.
Seo é Colm.
12. This is Michelle and Peadar.
Seo iad Michelle agus Peadar.
13. I’ll call you during the week
Glaofaidh mé ort i rith na seachtaine.
14. Goodbye. (said to the person staying)
Slán agat.
15. Goodbye. (said to the person leaving)
Slán leat.
16. I live in that new estate, Cluain Aoibhinn, on the edge of the town.
Tá mé i mo chónaí ar an eastát nua sin, Cluain Aoibhinn, ar imeall an bhaile.
17. I lived in an apartment in the middle of town before that but I have to say I didn’t like it.
Bhí mé i mo chónaí in árasán i lár an bhaile roimhe sin ach caithfidh mé a rá nár thaitin sé liom.
18. Do you know the neighbours?
An bhfuil aithne agat ar na comharsana?
19. Do you like the area you’re in?
An maith leat an ceantar ina bhfuil tú?
20. I walk to work myself in the morning – it only takes half an hour.
Siúlaim féin chuig an obair ar maidin – ní thógann sé ach leathuair an chloig.