Tá Siobhán agus Colm ag an gcóisir chéanna ach níl aon aithne acu ar a chéile.
Siobhán and Colm are at the same party but don’t know each other.
Siobhán:
Cén chaoi a bhfuil tú? Is mise Siobhán. Cén t-ainm atá ortsa?
How are you? I’m Siobhán. What’s your name?
Colm:
Colm. Cé as tú, a Shiobhán?
Colm. Where are you from, Siobhán?
Siobhán:
Is as Caisleán an Bharraigh ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath anois le beagnach cúig bliana anuas. Cé as tú féin?
I’m originally from Castlebar but I’ve been living in Dublin now for nearly five years. Where are you from yourself?
Colm:
As Dún Dealgan. Rugadh agus tógadh ansin mé ach bhog mé go Maigh Nuad nuair a bhí mé ocht mbliana déag le freastal ar an ollscoil agus tá mé i mo chónaí ansin ó shin.
From Dundalk. I was born and raised there but I moved to Maynooth when I was eighteen to attend university and I’ve been living there since.
Siobhán:
Tá Maigh Nuad an-chóngarach do Bhaile Átha Cliath, nach bhfuil?
Maynooth is very close to Dublin, isn’t it?
Colm:
Tá. Ní thógann an turas go dtí an chathair ach leathuair an chloig ar an traein.
Yes. The journey to the city only takes half an hour on the train.
Siobhán:
Tá sé sin an-áisiúil.
That’s very handy.
Comhrá B
Conversation B
Tá Gearóidín tar éis bualadh isteach chuig eagraíocht Ghaeilge i nGaillimh chun clárú do chúrsa teanga oíche dá gcuid.
Gearóidín calls into the offices of an Irish language organisation in Galway in order to sign up for a language class at night.
Gearóidín:
Dia duit.
Hello.
Diarmuid:
Dia is Muire duit.
Hello.
Gearóidín:
Tá mé anseo le clárú do chúrsa.
I’m here to register for a course.
Diarmuid:
Ceart go leor. Cén rang a bhfuil suim agat ann?
Okay. What class are you interested in?
Gearóidín:
Meánrang 2, oíche Déardaoin. An bhfuil áiteanna fós ar fáil sa rang?
Intermediate 2, Thursday night. Are there still places in the class?
Diarmuid:
Tá, cinnte. Tógfaidh mé do chuid sonraí. Cén t-ainm atá ort?
Yes, indeed. I’ll take your details. What’s your name?
Gearóidín:
Gearóidín Ní Laighin.
Gearóidín Ní Laighin.
Diarmuid:
Agus cén seoladh atá agat?
And what’s your address?
Gearóidín:
25 Faiche an Choláiste, Gaillimh.
25 College Green, Galway.
Diarmuid:
Go raibh maith agat. An as Gaillimh tú féin ó dhúchas?
Thank you. Are you originally from Galway yourself?
Gearóidín:
Ní hea. Is as Ros Comáin mé ach tá mé i mo chónaí anseo i nGaillimh le cúig bliana anois.
No. I’m from Roscommon but I’ve been living here in Galway for five years now.