Úsáideadh an t-ainmfhocal bliain cúpla uair san aonad go dtí seo. Beimid ag féachaint arís ar an tslí le rudaí a chomhaireamh ach, idir an dá linn, féachaimis ar conas a athraíonn an focal bliain nuair a thagann uimhreacha éagsúla roimhe:
1 | 2 | 3-6 | 7-10 |
aon bhliain amháin | dha bhliain | trí bliana | seacht mbliana |
ceithre bliana | ocht mbliana | ||
cúig bliana | naoi mbliana | ||
sé bliana | deich mbliana |